Treoir maidir leis na Roghanna Tithíochta atá ar Fáil

Tá sé mar aidhm ag an Roinn Tithíochta soláthar cóiríocht agus tacaíocht tithíochta oiriúnach, ar ardchaighdeán agus costéifeachtach a éascú.

Céard é Tacaíocht Tithíochta Sóisialta?
Is féidir tacaíocht tithíochta a sholáthar ar roinnt bealaí:

  • Tionóntachtaí ar cíos i réadmhaoin faoi úinéireacht Chomhairle Contae Chiarraí;
  • Réadmhaoin tithíochta sóisialta a aimsiú ón earnáil phríobháideach trí scéimeanna cosúil le:
  • Scéim Cóiríochta Cíosa (RAS)
  • Scéim Léasaithe Tithíochta Sóisialta
  • Scéim na hÍocaíochta Cúnaimh Tithíochta (HAP);
  • Leithdháiltí ar chóiríocht curtha ar fáil ag comhlachtaí ceadaithe tithíochta (AHBanna). Is eagraíochtaí neamhspleácha, neamhbhrabúis iad comhlachtaí ceadaithe tithíochta a sholáthraíonn tithíocht ar cíos ar bhonn mórán mar an gcéanna leis an gComhairle Contae;
  • Cóiríocht shonrach a chur ar fáil do dhaoine gan dídean, daoine scothaosta agus an Lucht Siúil;
  • Aistriú ó Chóiríocht Údaráis Áitiúil reatha;
  • Síneadh le Teach Údaráis Áitiúil reatha chun freastal ar riachtanais chóiríochta- (Seachas in imthosca eisceachtúla)

Treoir maidir leis na Roghanna Tithíochta atá ar fáil trí Údaráis Áitiúla

Foirm Iarratais Tithíochta Chomhairle Contae Chiarraí
Déileálann Aonad na nIarratas Tithíochta le soláthar tithíochta Sóisialta do dhaoine a ndearnadh measúnú orthu faoi Scéim Leithdháilte na Comhairle agus a mheastar atá incháilithe. Áirítear iarratasóirí incháilithe ar liosta tithíochta na Comhairle bunaithe ar dháta an iarratais agus déantar dul chun cinn bunaithe ar ‘Méid Ama ar Liosta’ i.e. leithdháiltear an chéad teach eile atá ar fáil don chéad iarratasóir eile ar an liosta.

Ionas go ndéanfar tú a mheas lena fháil amach cibé acu atá nó nach bhfuil tú incháilithe chun tacaíocht tithíochta sóisialta a rochtain, ní mór Foirm Iarratais le haghaidh Tithíocht Shóisialta agus doiciméid tacaíochta a chomhlánú agus a chur ar fáil agus ansin déanfar measúnú bunaithe ar d’imthosca reatha.

Conas a Dhéanfaidh mé Iarratas?
Déileálann Aonad na nIarratas Tithíochta le soláthar tithíochta do dhaoine a ndearnadh measúnú orthu faoi Scéim Leithdháilte na Comhairle agus a mheastar atá incháilithe le haghaidh tithíochta sóisialta. Áirítear iarratasóirí incháilithe ar liosta tithíochta na Comhairle bunaithe ar dháta an iarratais agus déantar dul chun cinn bunaithe ar ‘Méid Ama ar Liosta’ i.e. leithdháiltear an chéad teach eile atá ar fáil don chéad iarratasóir eile ar an liosta.

Má tá tú incháilithe le haghaidh tacaíocht tithíochta sóisialta, déanfaidh Comhairle Contae Chiarraí d’incháilitheacht agus do riachtanas tithíochta a mheas. Ba cheart Foirm Iarratais le haghaidh Tithíochta Sóisialta mar aon le doiciméid tacaíochta maidir le d’imthosca reatha a chur ar fáil.

Tá an fhoirm iarratais ábhartha ar fáil ón gcuntar poiblí Tithíochta in Áras an Chontae, Ráth Teas, Trá Lí, atá oscailte idir 09.00 agus 17:00, Luan go hAoine, an dá lá san áireamh, nó is féidir foirm a íoslódáil trí chliceáil ar an nasc Foirm Iarratais Tithíocht Údaráis Áitiúil.

Tá sé tábhachtach an fhoirm a léamh agus a chomhlánú ina hiomláine, agus gach eolas agus doiciméid atá riachtanach a chur faoi bhráid Chomhairle Contae Chiarraí. Má chuirtear foirm iarratais isteach agus má tá aon eolas ar iarraidh nó neamhiomlán, cuirfear moill ar do mheasúnú. Tá seicliosta ag tús na foirme iarratais chun cabhrú leat a chinntiú go bhfuil gach rud a theastaíonn chun d’iarratas a mheas curtha ar fáil, agus is féidir treoir má theastaíonn tuilleadh cúnaimh uait a íoslódáil trí chliceáil ar an nasc: Treoir Soléite chun Foirm Iarratais ar Thacaíocht Tithíochta Sóisialta a Líonadh.

Tá na rialacha maidir le measúnú sonraithe sa reachtaíocht náisiúnta, agus i Scéim Leithdháiltí Chomhairle Contae Chiarraí. Ní féidir leat ach iarratas ar thacaíocht tithíochta sóisialta a dhéanamh le húdarás áitiúil amháin, go hiondúil sa cheantar ina bhfuil cónaí ort, nó sa cheantar a bhfuil nasc áitiúil agat leis. Tá tuilleadh eolais maidir le céard atá i gceist le nasc áitiúil le fáil thíos. Nuair a bheidh d’iarratas déanta agat, déanfar é a mheas chun cinneadh a dhéanamh maidir le d’incháilitheacht agus riachtanas tithíochta.

Aonad na nIarratas Tithíochta
Teil: 066-7183862
Ríomhphost: Housingapplications@kerrycoco.ie

Conas is féidir liom a léiriú go bhfuil nasc áitiúil agam?
Mura bhfuil gnáthchónaí ort i gceantar Chomhairle Contae Chiarraí, b’fhéidir go mbeifeá fós in ann iarratas a dhéanamh, nó go mbeadh duine éigin i do theaghlach in ann iarratas a dhéanamh, más féidir leat a léiriú go bhfuil nasc áitiúil agat leis an áit, bunaithe ar aon cheann de an himthosca thíos:

Bhí cónaí ort féin nó ar aon duine i do theaghlach sa cheantar le haghaidh tréimhse leanúnach 5 bliana am ar bith; nó

Tá tú féin nó aon duine i do theaghlach fostaithe sa cheantar nó fostaithe in áit éigin atá laistigh de 15 chiliméadar ón gceantar; nó

Tá tusa nó duine éigin i do theaghlach i mbun oideachas lánaimseartha in aon ollscoil, coláiste, scoil nó institiúid oideachais de chineál éigin eile sa cheantar; nó

Tá mallachar seasmhach fisiciúil, céadfach, meabhairshláinte nó intleachtúil agat féin nó ag duine i do theaghlach atá ag freastal ar ionad leighis nó cónaithe sa cheantar ina bhfuil áiseanna nó seirbhísí a bhaineann go sonrach leis an mallachar sin; nó

Tá gaol le duine éigin i do theaghlach ag cónaí sa cheantar le haghaidh 2 bhliain ar a laghad.

Mura mbaineann aon cheann de na himthosca seo le do theaghlach féin, is féidir leat iarratas ar mheasúnú a chur faoi bhráid Chomhairle Contae Chiarraí fós, ach glacfar le d’iarratas faoi dhiscréid na Comhairle, bunaithe ar a phráinní is atá do staid teaghlaigh féin.

An bhfuil mé Incháilithe le haghaidh Tacaíocht Tithíochta Sóisialta?
Tá roinnt critéar a úsáidtear lena chinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil tú incháilithe le haghaidh tacaíocht tithíochta sóisialta ó Chomhairle Contae Chiarraí atá liostaithe thíos:
Aois– Ní mór go mbeifeá 18 mbliana d’aois nó níos sine.
Ceart chun cónaithe in Éirinn– Ní mór go mbeadh ceart dlí agat fanacht sa Stát ar bhonn fadtéarmach (más de bhunadh tír éigin eile thú).
Ioncam – Níor cheart go mbeadh do ghlanioncam níos airde ná na teorainneacha atá luaite le do chomhdhéanamh teaghlaigh mar atá sonraithe sa reachtaíocht náisiúnta.

Céard iad na teorainneacha ioncaim uasta le haghaidh Chontae Chiarraí?
Tá ioncam bunaithe ar ioncam gach ball teaghlaigh. Ní mór go mbeadh glanioncam bliantúil teaghlaigh de níos lú ná €35,000 ag teaghlaigh. Is éard atá i gceist le glanioncam pá comhlán nó ioncam eile lúide asbhaintí reachtúla. Mar shampla, má tá ball amháin den teaghlach ag obair agus má tá baill eile ag baint tairbhe as leas sóisialach, cuirfear gach ioncam dá leithéid san áireamh le haghaidh na tástála acmhainne. Is féidir an teorainn €35,000 a mhéadú €1,750 breise le haghaidh gach ball/saothraí teaghlaigh bhreise agus €875 breise le haghaidh gach leanbh cleithiúnach.  Féach ar na samplaí seo a leanas:

Comhdhéanamh Teaghlaigh
Seachtainiúil
Glanioncam Uasta Bliantúil Glanioncam Uasta
Teaghlach Duine Aonair €35,000 €671 
1 aosach + 1 Leanbh
€35,875 €688 
1 aosach + 2 leanbh 
€36,750 €705 
2 aosach + 0 leanaí
€36,750                         €705 
2 aosach + 1 leanbh €37,625                                   €721 
2 aosach + 2 leanbh €38,500                           €738
2 aosach + 3 leanbh €39,375 €755
2 aosach + 4 leanbh €40,250                      €772
3 aosach + 4 leanbh €42,000 €805


Cóiríocht Mhalartach
– níor cheart go mbeadh teach nó réadmhaoin eile a bhféadfá cónaí ann agat, nó níor cheart go mbeadh rochtain agat ar a leithéid.

Riaráiste Cíosa Údaráis Áitiúil – más iarthionónta de chuid Chomhairle Contae Chiarraí thú nó aon údarás áitiúil eile agus má tá riaráiste cíosa dlite ar an réadmhaoin a bhí agat roimhe seo, ní gá glacadh

Cóiríocht Mhalartach – níor cheart go mbeadh teach nó réadmhaoin eile a bhféadfá cónaí ann agat, nó níor cheart go mbeadh rochtain agat ar a leithéid.

Riaráiste Cíosa Údaráis Áitiúil – más iarthionónta de chuid Chomhairle Contae Chiarraí thú nó aon údarás áitiúil eile agus má tá riaráiste cíosa dlite ar an réadmhaoin a bhí agat roimhe seo, ní gá glacadh

Céard é an chéad chéim eile?
Ar dtús déanfaidh ball den fhoireann Tithíochta teagmháil leat chun measúnú mionsonraithe a dhéanamh bunaithe ar d’fhoirm iarratais. Eiseoidh Comhairle Contae Chiarraí litir ina ndeimhneofar toradh do mheasúnaithe agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil tú cáilithe le haghaidh tacaíocht tithíochta sóisialta. Má tá tú cáilithe, cuirtear d’ainm le liosta teaghlach cáilithe Chomhairle Contae Chiarraí (ar a dtugtar an liosta feithimh tithíochta freisin).

Ansin is féidir leat raon tacaíochtaí tithíochta sóisialta a rochtain, lena n-áirítear réadmhaoin san earnáil phríobháideach tríd an Scéim Cóiríochta Cíosa (RAS), Scéimeanna Léasaithe Tithíochta Sóisialta nó Scéim na hÍocaíochta Cúnaimh Tithíochta (HAP); cóiríocht curtha ar fáil ag comhlachtaí ceadaithe tithíochta (AHBanna) nó

tionóntacht i réadmhaoin atá faoi úinéireacht Chomhairle Contae Chiarraí.

Cén fhad a thógfaidh sé tairiscint tithíochta a fháil?
Cé go gcuirfidh Comhairle Contae Chiarraí imthosca do theaghlaigh san áireamh nuair a bheidh d’iarratas á mheas, ar an drochuair, tá éileamh mór ar thacaíocht tithíochta sóisialta agus ní féidir leis an Roinn Tithíochta amfráma a shonrú d’iarratasóirí i ndáil le tairiscint ar réadmhaoin de chuid Chomhairle Contae Chiarraí.

Soláthraíonn an Scéim Leithdháiltí na hacmhainní chun ord tosaíochta a chinneadh i ndáil le leithdháileadh teaghaisí ar iarratasóirí ar an liosta feithimh tithíochta bunaithe ar rangú a gcuid riachtanas. Laistigh de na grúpaí iarratasóirí seo, beidh ord tosaíochta bunaithe ar am creidmheasa (i.e. an méid ama ó cuireadh d’ainm ar an liosta feithimh tithíochta) agus imthosca aonair.

Braithfidh an méid ama a thógfaidh sé chun tairiscint ar chóiríocht a fháil ar roinnt fachtóirí:

Leibhéil éilimh ar thithíocht shóisialta;

Infhaighteacht tithíochta sóisialta i do rogha ceantair;

Cé chomh solúbtha is féidir leat a bheith i dtéarmaí an chineáil réadmhaoine agus an cheantair den Chontae a mbeifeá sásta a bhreithniú;

 

Eolas maidir leis an Scéim Cóiríochta Cíosa, Scéim Léasaithe Tithíochta Sóisialta agus Scéim Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta
Éiríonn le go leor iarratasóirí tionóntachtaí a fháil trí RAS, scéimeanna Léasaithe agus HAP – tá tuilleadh eolais le fáil trí chliceáil ar na naisc thíos

Eolas maidir le RAS

Eolas maidir le Scéim Léasaithe Tithíochta Sóisialta

Eolas maidir le HAP

Eolas Tábhachtach
Tá sé tábhachtach d’iarratas tithíochta a choinneáil cothrom le dáta, go háirithe má athraíonn do chuid imthosca. Ní mór duit teagmháil a dhéanamh linn sna cásanna seo a leanas:

Bogann tú chuig teach nua – cuir scéala i scríbhinn chuig Comhairle Contae Chiarraí mar aon le fianaise ar do sheoladh nua.

Athraíonn comhdhéanamh do theaghlaigh (e.g. más mian leat páirtí nó céile a ainmniú; má tá babaí nua agat) – comhlánaigh an Fhoirm Athraithe Imthosca.

Le haghaidh cúiseanna ioncaim – faigheann tú post nua nó athraíonn d’ioncam ar chúis éigin – comhlánaigh an Fhoirm Athraithe Imthosca.

Faigheann tú foirm athbhreithnithe dar teideal Achoimre ar Mheasúnú Tithíochta Sóisialta – ní mór do Chomhairle Contae Chiarraí athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar éileamh ar thacaíocht tithíochta sóisialta. Má dhéantar teagmháil leat mar chuid den phróiseas seo, ní mór duit na doiciméid riachtanacha a chomhlánú agus a sheoladh ar ais, de bhrí go bhféadfaí d’iarratas a dhúnadh mura ndéanann tú amhlaidh.

Aon athrú eile ar imthosca a bhfuil tionchar díreach acu ar do riachtanas tithíochta – comhlánaigh an Fhoirm Athraithe Imthosca.

Scéim Leithdháilte Tithíochta Chomhairle Contae Chiarraí
Is é an aidhm atá leis an Scéim Leithdháilte Tithíochta Ceadaithe acmhainní a sholáthar chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an ord tosaíochta atá le húsáid i ndáil le teaghaisí a leithdháileadh ar:
Daoine a mheastar atá cáilithe le haghaidh tacaíocht tithíochta sóisialta (incháilitheacht) de réir Alt 20 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009 (agus rialacháin ghaolmhara) Daoine atá ag aistriú ó theaghais, lena n-áirítear teaghais atá curtha ar fáil faoin Tionscnamh Léasaithe Tithíochta Sóisialta nó faoin Scéim Cóiríochta Cíosa (RAS).

Scéim Leithdháilte Tithíochta Sóisialta Chomhairle Contae Chiarraí

 

 

Dein teagmháil linn

An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie