Pobail

Déanann an tAonad Turasóireachta/Pobail éascú ar fhorbairt straitéisí agus cláir chomhtháite a chuireann sláinte agus caighdeán ard beatha saoránaigh agus pobail ar fud Chiarraí chun cinn. Riarann sé roinnt Scéimeanna Deontas Tuaithe agus an Ciste Tacaíochta Pobail, ag cinntiú go gcuirtear maoiniú i dtreo forbairtí pleanáilte a freastalaíonn ar riachtanais an phobail níos leithne. Tá forbairt pobal láidir ar fud Chiarraí ag croílár obair an Roinn Pobail.

Anuas ar sin, déanann an Roinn maoirsiú ar bhainistíocht, obair agus margaíocht bainteach leis an gcuid sin de bhonneagar tógtha Chomhairle Contae Chiarraí atá bainteach le cúrsaí turasóireachta, na hionaid seo leanas san áireamh: Páirc Éiceolaíochta agus Ghníomhaíochta Bogaigh Thrá Lí, Muileann Gaoithe Chathair Uí Mhóráin, Príomh-Mhúsaem Chiarraí, agus Ionad Spórt agus Scíthe Chill Airne.

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680