Deontais Tithíochta

Tá 3 chineál Deontas ar fáil chun cabhrú le daoine scothaosta nó daoine faoi mhíchumas athruithe riachtanacha a dhéanamh ar a dteach.

Tá foirm iarratais amháin ann chun iarratas a dhéanamh ar gach scéim deontais.

Deontais Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas
Tá an Deontais Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas ar fáil chun cabhrú le daoine oibreacha riachtanacha a chur i gcrích chun críche teach a dhéanamh níos oiriúnú le haghaidh lóistín duine faoi mhíchumas ag a bhfuil mallachar seasmhach fisiciúil, céadfach, meabhairshláinte nó intleachtúil.  Cuimsítear sna cineálacha oibreacha a cheadaítear faoin scéim rampaí rochtana, áiseanna leithris thíos staighre, cathaoireacha staighre, cithfholcadáin inrochtana, oiriúnuithe chun rochtain cathaoireach rothaí a éascú, síntí agus oibreacha eile a dhéanamh atá riachtanach chun críche teach a dhéanamh níos oiriúnú le haghaidh lóistín do dhuine faoi mhíchumas.
Íoslódáil Foirm Iarratais

Áiseanna Tithíochta do Dhaoine Scothaosta
Tá Scéim na nÁiseanna Tithíochta do Dhaoine Scothaosta ar fáil chun cabhrú le daoine scothaosta atá ina gcónaí i dtithe ina bhfuil na coinníollacha neamhfhabhracha chun deisiúcháin nó feabhsuithe riachtanacha a chur i gcrích.  Áirítear i measc na gcineálacha oibreacha a gcuirtear maoiniú deontais ar fáil lena n-aghaidh faoin Scéim deisiúcháin nó feabhsúcháin struchtúrtha, athshreangú, deisiúcháin/athsholáthar fuinneog agus doirse, seirbhísí teasa, uisce agus sláintíocha a sholáthar, glanadh, péinteáil agus tirimlíneáil.
Íoslódáil Foirm Iarratais

Scéim Deontais Tithíochta Áiseanna Soghluaisteachta
Tá an Scéim Deontais Tithíochta Áiseanna Soghluaisteachta ar fáil chun tacar bunúsach oibreacha a chlúdach a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil le fadhbanna soghluaisteachta, go príomha, ach ní go heisiach, a bhaineann le haosú.  Áirítear i measc na n-oibreacha a gcuirtear maoiniú deontais ar fáil lena n-aghaidh faoin scéim:-
• Greimráillí
• Rampaí Rochtana
• Cithfholcadán Boinn Leibhéalta
• Cathaoireacha Staighre
• Mionoibreacha eile a mheastar a bheith riachtanach chun freastal ar riachtanais soghluaisteachta ball teaghlaigh.

Íoslódáil Foirm Iarratais

Sonraí teagmhála an Aonaid Deontas
Teil: 066 7183862
Ríomhphost: housinggrants@kerrycoco.ie

 

Dein teagmháil linn

An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie