Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh: Ciste Bailte Croí Cónaithe

Seoladh an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh i mí Iúil 2022 agus tá sé mar aidhm leis deontas a chur ar fáil do dhaoine chun tacú leo réadmhaoin fholamh a athchóiriú.

Athraíodh critéir an deontais i mí na Samhna 2022 agus anois tá réadmhaoin fholamh incháilithe i ngach ceantar, lena n-áirítear cathracha, bailte, sráidbhailte agus ceantair thuaithe den tír.

I mí na Bealtaine 2023, athraíodh critéir an deontais chun cead a thabhairt iarratais a dhéanamh le haghaidh réadmhaoin atá in úsáid mar phríomháit chónaithe phríobháideach agus le haghaidh réadmhaoin atá á cur ar fáil le ligean ar cíos.  Ceadaítear uasmhéid de dhá dheontas do gach iarrthóir, agus ní cheadaítear ach deontas amháin le haghaidh réadmhaoin atá á cur ar fáil le ligean ar cíos.

Ní mór gur tógadh an réadmhaoin suas go dtí agus in 2007 agus ní mór fianaise a sholáthar.

Ardaíodh na rátaí deontais ó €30,000 go dtí €50,000 le haghaidh réadmhaoin fholamh agus ó €50,000 go dtí €70,000 le haghaidh réadmhaoin thréigthe.

Tá na sonraí ar fad mar aon le cur síos nuashonraithe ar an scéim, an fhoirm iarratais agus na Ceisteanna Coitianta le fáil trí chliceáil ar an nasc thíos:-

https://www.gov.ie/en/service/f8f1b-vacant-property-refurbishment-grant/

Ba cheart na Foirmeacha Iarratais Comhlánaithe agus na doiciméid tacaíochta a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: vacantpropertygrant@kerrycoco.ie nó a sheoladh tríd an bpost chuig Oifig na dTithe Folmha, An Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chiarraí, Ráth Teas, Trá Lí, Co. Chiarraí.

Ba cheart aon cheisteanna a bhaineann leis an scéim nach bhfuil freagartha ag an nasc thuas a sheoladh trí ríomhphost chuig: vacantpropertygrant@kerrycoco.ie nó a sheoladh ar aghaidh i scríbhinn.

 

Dein teagmháil linn

An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie