Cáin Mhaoine Áitiúil

Is cáin bhliantúil féinmheasúnaithe é an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMA) a ghearrtar ag margadhluach ar gach maoin chónaithe in Éirinn. Tháinig CMA i bhfeidhm ar an 1 Iúil, 2013 agus is iad na Coimisinéirí Ioncaim atá freagrach as CMA a bhailiú.

Tá raon modhanna á dtairiscint ag na Coimisinéirí Ioncaim chun CMA a íoc. (www.revenue.ie) Is féidir leat íocaíocht shingil amháin a dhéanamh nó íocaíochtaí a dhéanamh i rith na bliana. Is féidir leat íocaíocht a dhéanamh le haghaidh maoin shingil nó roinnt maoine trí mhodh íocaíochta amháin a úsáid.

Tá eolas maidir le cé atá faoi dhliteanas Cáin Mhaoine Áitiúil a íoc, Iarchur Íocaíochta agus Díolúintí le fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim anseo.

Féach ar na Doiciméid Chomhairliúcháin CMA is déanaí

Fachtóir coigeartaithe na Cánach Maoine Áitiúil
Déanfar foráil shonrach in Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) 2012 (leasú) ionas gur féidir le comhaltaí tofa údaráis áitiúil rún áitiúil a rith chun bunráta na Cánach Maoine Áitiúil dá gceantar riaracháin a athrú bunaithe ar chéatadán ar a dtugtar an fachtóir coigeartaithe áitiúil. Is féidir an fachtóir coigeartaithe áitiúil a shocrú laistigh de raon +/- 15% den bhunráta, nó is féidir cinneadh a dhéanamh gan an bunráta a choigeartú.

Cuirfear fógra sa nuachtán áitiúil gach bliain chun gairm a dhéanamh ar aighneachtaí i scríbhinn ón bpobal. Níl aon fhormáid fhorordaithe ann le haghaidh aighneachtaí.

Foráiltear in Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2012 (leasú) agus i Rialacháin na Cánach Maoine Áitiúil (Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil), 2014, nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh maidir le cibé acu ar cheart nó nár cheart rún a rith chun bunráta na Cánach Maoine Áitiúil a athrú, nach mór don údarás áitiúil cuntas a dhéanamh dá staid airgeadais agus aird ar leith a thabhairt ar nithe áirithe lena n-áirítear aiseolas ó aon chomhairliúchán a reáchtáladh.

Fógra maidir le rún a rith chun ráta na Cánach Maoine Áitiúil a athrú

Cáin Mhaoine Áitiúil

Fógra maidir le rún a rith chun ráta na Cánach Maoine Áitiúil a athrú – Comhairle Contae Chiarraí

De bhun fhorálacha alt 20 d’ACHT AIRGEADAIS (CÁIN MHAOINE ÁITIÚIL) 2012 (leasú), tugaimse, an duine thíos-sínithe, fógra don Aire Tithíochta, Pleanála, agus Rialtais Áitiúil maidir le rún a ritheadh ag cruinniú de chuid an údaráis áitiúil thuasluaite ar an 28 Meán Fómhair 2020 a chiallaíonn gur cheart an bunráta cánach maoine áitiúil a athrú suas seacht go leith faoin gcéad (7.5%) don bhliain 2021 i ndáil le maoin chónaithe iomchuí atá suite i gceantar riaracháin an údaráis áitiúil.

Sínithe: Moira Murrell

Príomhfheidhmeannach

Dáta:  An 29 Meán Fómhair 2020

 

Dein teagmháil linn

An Roinn Airgeadas,
Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: Cuntais Iníoctha: 066-71-83500-Folíne 3366
FMS : 066-71-83520
Rátaí/ACPNP: 066-7162100
Uaireanta Oscailte, Luan go hAoine, 9.00am go dtí 5.00pm