Cuntais Infhála
Taifeadann agus próiseálann Feidhm na gCuntas Infhála idirbhearta airgeadais. Áirítear anseo ioncam a thacaíonn lenár seirbhísí a thaifeadadh.
Seo a leanas príomhshruthanna ioncaim Chomhairle Contae Chiarraí
- deontais agus fóirdheontais le haghaidh seirbhísí sonracha,
- cáin mhaoine áitiúil,
- Aisghabhálacha le haghaidh Seirbhísí Gníomhaireachta
- sruthanna áitiúla ioncaim lena n-áirítear Rátaí Tráchtála, Cíosanna agus Iasachtaí Tithíochta, táillí Athchúrsála & Diúscartha Dramhaíola, táillí Pleanála, Deimhnithe Sábháilteachta ó Dhóiteán agus Muirir Dóiteáin.
Tá roinnt roghanna íocaíochta á soláthar ag Comhairle Contae Chiarraí: –
- Íocaíocht Ar Líne – tuilleadh sonraí le fáil ar Leathanach na hÍocaíochta Ar Líne
- Ríomhaistriú Bainc (EFT) – déan teagmháil le bankRecOffice@kerrycoco.ie
- Íocaíochtaí Cárta Creidmheasa – déan teagmháil le (066) 7183637
- Íocaíocht a dhéanamh go pearsanta ag Oifigí Airgid trasna na Tíre. Is féidir Deimhnithe Sábháilteachta ó Dhóiteán agus Muirir Dóiteáin a íoc go pearsanta trí dhul chomh fada le Stáisiún Dóiteáin Thrá Lí, Bóthar an Spá, Trá Lí. Is féidir muirir a bhaineann le Calafort na Fianaite agus muirir Mhuiríne agus Chalafoirt a dhéanamh in Oifig an Chuain, Calafort na Fianaite, An Fhianait.
- Íocaíochtaí tríd an bPost – Seiceanna, Dréachtaí Bainc, Orduithe Poist iníoctha le Comhairle Contae Chiarraí
- Dochar Díreach – tá an rogha seo ar fáil chun Cíosanna & Iasachtaí Tithíochta, Rátaí a íoc. Déan teagmháil leis an Roinn ábhartha de Chomhairle Contae Chiarraí – Tithíocht (ríomhphost: housing@kerrycoco.ie)/ioncam (ríomhphost: revenue@kerrycoco.ie). Tá foirm Dochair Dhírigh le fáil ag anseo.
- Buanorduithe – Déan teagmháil leis an Roinn ábhartha de Chomhairle Contae Chiarraí roimh ré chun teacht ar chomhaontú maidir le méid an Bhuanordaithe. Ní mór duit an comhlánaithe Foirm Buanordaithe a sheoladh chuig do bhanc.
Dein teagmháil linn
An Roinn Airgeadas,
Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: Cuntais Iníoctha: 066-71-83500-Folíne 3366
FMS : 066-71-83520
Rátaí/ACPNP: 066-7162100
Uaireanta Oscailte, Luan go hAoine, 9.00am go dtí 5.00pm