Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP)

Céard é an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta?
Is foirm de thacaíocht shóisialta é an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP) a tháinig in áit an Fhorlíonta Cíosa dóibh siúd a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu.   

Conas a oibríonn sé?
Má ghlactar leis go bhfuil duine cáilithe le haghaidh tithíocht shóisialta agus má moladh HAP dó/di mar fhoirm de thacaíocht tithíochta sóisialta, ní mór dóibh a lóistín cíosa phríobháidigh féin a fháil (laistigh de theorainneacha sonracha cíosa). Íocfaidh Comhairle Contae Chiarraí an tiarna talún go díreach agus íocfaidh an tionónta cíos le Comhairle Contae Chiarraí bunaithe ar dhifreálach na scéime cíosa. Bunófar an cíos ar a n-ioncam teaghlaigh sheachtainiúil agus oibríonn an córas cosúil leis na cíosanna difreálacha a ghearrtar le haghaidh tithe de chuid Chomhairle Contae Chiarraí.

Cén tréimhse ama ba cheart a bheith luaite leis an léas?
Is fearr tionóntacht dhá bhliain. Clúdófar an tionóntacht faoi théarmaí an Achta um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004 (arna leasú). Ciallaíonn sé seo go bhfuil, nó go mbeidh, an comhaontú tionóntachta idir an tionónta agus an tiarna talún (níl Comhairle Contae Chiarraí páirteach sa tionóntacht). Tá tuilleadh eolais maidir le do chearta agus freagrachtaí mar thiarna talún le fáil ar shuíomh gréasáin RTB – www.rtb.ie

Féach ar na doiciméid faoi iamh do Thiarnaí Talún má theastaíonn eolas níos mionsonraithe uait.

Tá an tseirbhís seo á soláthar ag Roinn Tithíochta Comhairle Contae Chiarraí, Ráth Teas, Trá Lí, Co. Chiarraí V92 H7VT.

Teil: 066 7183855
Ríomhphost: HAP@kerrycoco.ie

Ionad Seirbhísí Comhroinnte HAP
Fiosrúcháin Íocaíochta ó Thiarnaí Talún AMHÁIN
Teil: 061-556650

Fiosrúcháin maidir le Riaráiste Cíosa Tionónta AMHÁIN
Teil:  061 556651

Leabhrán Faisnéise do Thiarnaí Talún
Uasteorainneacha Míosúla Cíosa

 

Dein teagmháil linn

An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie