Rialáchán maidir le Táirgí Foirgníochta (RTF)

Ar agus ón 1 Iúil 2013, faoi Regulation (EU) No 305/2011 (ar a dtugtar an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta nó “RTF”), bíonn marcáil EC éigeantach le haghaidh gach táirge foirgníochta dá gcuirtear ar an margadh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus clúdaítear é:

a harmonised European product standard a European Technical Assessment

(Úsáideann déantúsóirí táirgí iad seo i gcás nach mbíonn a dtáirgí clúdaithe faoi chaighdeán comhchuibhithe Eorpach ach ar mian leo go mbeadh marcáil EC fós ar a gcuid táirgí).

Féachtar leis an RTF lena chinntiú go mbíonn sonraí iontaofa, a bhaineann le feidhmíocht, ar fáil trí Dhearbhuithe Feidhmíochta, i ndáil le táirgí foirgníochta a bhíonn á gcur ar an margadh Eorpach.

Is é príomhaidhm an RTF go mbrisfear bacainní teicniúla a bhíonn roimh thrádáil le saorghluaiseacht táirgí foirgníochta trasna na mBállstát laistigh den Aontas Eorpach a chinntiú. Déantar sin trí na heilimintí, a d’fhág go raibh bacainní ann roimhe, a chomhchuibhiú trí foráil: –

  • le haghaidh córais de shonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe (tá breis is 450 caighdeán comhchuibhithe (hENs) i bhfeidhm faoi láthair do tháirgí foirgníochta),
  • le haghaidh córais chomhaontaithe d’fhianú comhréireachta agus fhíorúcháin seasmhachta le haghaidh gach fine táirgí (faoi mar atá leagtha amach sna sonraíochtaí comhchuibhithe teicniúla),
  • le haghaidh creata de chomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh, agus
  • le haghaidh mharcáil éigeantach EC do tháirgí foirgníochta mar phas don mhargadh inmheánach.

Bíonn sé tábhachtach tabhairt faoi deara nach bhfuil sé d’aidhm leis an RTF cóid náisiúnta fhoirgníochta a chomhchuibhiú. Bíonn gach Ballstát saor lena chuid ceanglas féin a shocrú maidir le feidhmíocht oibreacha tógála agus, de bhithín an rud céanna, táirgí foirgníochta agus iad in úsáid. Is le gach Ballstát a bhíonn an rogha maidir le luachanna feidhmíochta riachtanacha le haghaidh úsáideanna beartaithe sonracha a bhaintear as táirgí foirgníochta.

Leis an https://www.gov.ie/ga/eagraiocht/an-roinn-tithiochta-rialtais-aituil-agus-oidhreachta, leagtar amach na cuspóirí ginearálta atá i gceist leis an RTF, na ceanglais a chaithfear a chomhlíonadh chun táirgí foirgníochta a chur ar an margadh agus na himpleachtaí áirithe do dhéantúsóirí, impórtálaithe agus dáileoirí a eascraíonn as an Rialachán a bheith tugtha isteach an 1 Iúil 2013 agus soláthraíonn an nóta roinnt faisnéise achomair do shonraitheoirí, dearthóirí agus tógálaithe agus na táirgí foirgníochta seo á n-úsáid.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin RTF lena n-áirítear treoir “céim ar chéim” maidir le marcáil EC, féach ar European Commission’s DG Internal Market, Industry, Entrepreneurship and SMEs website.

Tuilleadh Eolais
An tÚdarás um Rialú Tógála
Comhairle Contae Chiarraí,
Stáisiún Dóiteáin,
Ballúamhnach,
Trá Lí, Co. Chiarraí.
Fón: (066) 7123111
Ríomhphost: buildingcontrol@kerrycoco.ie

Dein teagmháil linn

Rialú Tógála
Comhairle Contae Chiarraí,
Stáisiún Dóiteáin,
Ballúamhnach,
Trá Lí, Co. Chiarraí.
Fón: (066) 7123111
r-phost: buildingcontrol@kerrycoco.ie