Ligean Roghabhunaithe (LRB)

Cad is Ligean Roghabhunaithe ann (LRB)?
Córas ar líne is ea LRB a ligean d’iarratasóirí atá ar an liosta feithimh tithíochta spéis a léiriú i dteaghaisí áirithe a bheidh le ligean i gContae Chiarraí. Feidhmíonn LRB mar scagaire breise sa phróiseas leithdháilte mar ní chuirtear san áireamh ach iarratasóirí a léiríonn spéis i dteaghaisí áirithe. Ligean sé d’iarratasóirí ar thithíocht/aistriú a bheith páirteach chun a n-áit chónaithe nua a roghnú. Feidhmíonn iarratasóirí as a stuaim féin agus freagairtí nó tairiscintí á ndéanamh acu maidir le teaghaisí inar mhaith leo a bheith ina gcónaí. Is féidir le hiarratasóirí spéis a léiriú i dteaghaisí lasmuigh den rogha limistéar atá sonraithe acu.

Ba chóir a thabhairt do d’aire go bhféadfadh sé nach dtaispeánfar teaghaisí gach seachtain, agus go mbraitheann sé seo ar infhaighteacht. Dá bhrí sin, ba chóir d’iarratasóirí LRB a sheiceáil go rialta i gcomhair nuashonruithe.

Tá gach tairiscint faoi réir gnáthnósanna imeachta maidir le leithdháileadh tithíochta, i.e. an t-am atá tú ag feitheamh ar liosta Chomhairle Contae Chiarraí, do líon teaghlaigh, bainistíocht mhaith eastáit, Imréiteach an Gharda Síochána agus agallamh a d’fhéadfadh a bheith ann de réir Scéim Leithdháilte na Comhairle. Lena chois sin, ní mór d’iarratasóirí ar aistriú na critéir reatha i gcomhair aistrithe a shásamh, e.g. cuntas cíosa cothrom le dáta.

Athbhreithneoidh Comhairle Contae Chiarraí an Measúnú ar Thithíocht Shóisialta arna dhéanamh i dtaca leis an líon tí sin agus déanfaidh siad cinneadh úr ar cháilíocht an lín tí do Thacaíocht Tithíochta Sóisialta.

Cad iad na cineálacha teaghaisí a fhógraítear ar LRB?
Ní fhógrófar ach líon beag teaghaisí ar dtús mar chuid den leathadh amach agus sna míonna atá amach romhainn leathnófar an scéim chun formhór na dteaghaisí a bheidh ar fáil a áireamh.

Fógrófar teaghaisí ón Údarás Áitiúil agus ón gComhlacht Ceadaithe Tithíochta araon ar LRB. Is féidir iarratasóirí a áireamh i gcomhair tithíocht lasmuigh den phróiseas LRB má tá siad i gCatagóir Mhíchumais, catagóir coigeartaithe méide, tithíocht shainiúil don lucht siúil nó catagóir Éigeandála agus do Dhaoine gan Dídean. D’fhéadfaí iarratasóirí atá sna catagóirí seo, agus a mheastar a bheith cáilithe d’aistriú, a chur san áireamh i gcomhair tithíocht lasmuigh den phróiseas LRB. Leithdháilfear teaghaisí den chineál seo ar leithligh ar iarratasóirí a n-oirfeadh na cineálacha seo teaghaisí dóibh.

Beidh tú in ann amharc ar na teaghaisí atá ag teacht le do riachtanas ceadaithe tithíochta amháin, i.e. an líon seomraí leapa atá faofa i leith an iarratasóra.

Conas is féidir liom rochtain a fháil ar LRB?
Nuair a bheith tú cáilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta, seolfar litir chugat ina mbeidh Ainm Úsáideora agus Pasfhocal, mar aon le heolas ar conas rochtain a fháil ar an suíomh gréasáin agus é a úsáid. Tá Treoir Ghairid d’Úsáideoirí ar an suíomh gréasáin freisin chun míniú a thabhairt ar an mbealach le logáil isteach agus le léiriú spéise a dhéanamh.

Is féidir rochtain a fháil ar an gcóras LRB tríd an idirlíon ar cbl.kerrycoco.ie.

Cá háit a bhfógraítear na teaghaisí?
Fógróimid teaghaisí Ligin Roghabhunaithe atá ar fáil ar bhonn seachtainiúil gach Déardaoin 00:00AM go Céadaoin 11:59PM. Is ortsa, mar iarratasóir ar thithíocht, atá an dualgas logáil isteach gach seachtain chun na teaghaisí atá ar fáil an tseachtain sin a sheiceáil. Más mian leat léiriú spéise a chur isteach, ní mór duit é sin a dhéanamh roimh mheán oíche ar an gCéadaoin. Ní ghlacfar le léirithe spéise déanacha.

Déanfaidh an Chomhairle teagmháil le hiarratasóirí rathúla amháin.

Céard a tharlóidh má dhiúltaím do thairiscint maidir le teaghais inar léirigh mé spéis?
Má dhiúltaíonn tú do thairiscint maidir le teaghais inar léirigh tú spéis, ní bheidh tú i dteideal tuilleadh léirithe spéise a dhéanamh ar theaghaisí eile LRB go ceann tréimhse aon bhliana amháin.

Chun teacht ar chuidiú, déan teagmháil le ball den aonad LRB ar (066) 7183862 nó seol ríomhphost chuig cbl@kerrycoco.ie.

Eolas Úsáideach:

 

Dein teagmháil linn

An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie