Cuireann Roinn na nAcmhainní Daonna

Cuireann Roinn na nAcmhainní Daonna eochairfheidhm tacaíochta ar fáil laistigh den eagraíocht trí sheirbhísí ó thaobh Acmhainní Daonna a chur ar fáil ar fud na Comhairle. Deintear freastal ar ár riachtanais foirne san eagraíocht trí raon uirlisí earcaíochta agus roghnúcháin chun a chinntiú go ndeintear sainaithint ar iarrthóirí cuícháilithe den scoth agus go dtairgtear fostaíocht dóibh inár lucht saothair, trína soláthraítear raon mór seirbhísí agus feidhmeanna ardchaighdeáin a mbíonn mar aidhm acu torthaí a bhaint amach a dheineann tairbhí geilleagracha, sóisialta agus comhshaoil ar bhonn inbhuanaithe áitiúil dár gcontae agus do na pobail a bhfónaimid dóibh.

Aithníonn an Roinn an gá leanúnach le hoiliúint agus le forbairt a dhéanamh ar ár bhfostaithe, arb iad sin an acmhainn is luachmhaire againn. Is dlúthchuid d’fhorbairt na foirne uasoiliúint, oiliúint agus cuidiú a thabhairt don fhoireann chun go bhfaighidh siad cáilíochtaí, scileanna agus inniúlachtaí ábhartha sa bhreis. Baineann ríthábhacht lena chinntiú go mbeidh eagraíocht foghlama agus feasa againn mar údarás áitiúil chun go bhféadfaimid aghaidh a thabhairt go rathúil ar na dúshláin leanúnacha a bheidh romhainn i bhfianaise chastacht na timpeallachta oibríochtúla ar an gComhairle. Is mar gheall ar chúram leathnaithe an rialtais áitiúil atá freagrachtaí méadaithe tugtha don Chomhairle go háirithe i réimse na forbartha geilleagraí, i réimse na forbartha fiontraíochta agus ó thaobh tacú le pobail agus na pobail sin a shaothrú. Tá tacaíocht leanúnach oiliúna de dhíth ar an bhfoireann atá gafa leis na réimsí seo agus réimsí eile chun forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna d’fhonn freastal ar ionchais mhéadaitheacha an phobail agus deimhin a dhéanamh d’iontaoibh an phobail agus de mhuinín an phobail as an gComhairle.

Fostóir comhdheiseanna is ea Comhairle Contae Chiarraí agus deineann Roinn na nAcmhainní Daonna deimhin de chomhlíonadh na reachtaíochta comhionannais sna nósanna imeachta go léir i dtaca leis an roghnúchán agus i dtaca leis an agallóireacht. Cuirtear ar fáil do na hiarratasóirí cáipéisíocht chuimsitheach ina sonraítear an scéal, agus an próiseas earcaíochta a bhíonn le leanúint agus cuirtear cáipéisíocht tagartha ar fáil do gach bord agallaimh chun deimhin a dhéanamh de chur chuige aonfhoirmeach i leith na gcritéar roghnúcháin. Thairis sin, tá Roinn na nAcmhainní Daonna freagrach as an gcaidreamh tionsclaíoch agus as an gcaidreamh leis na fostaithe agus táthar ag obair leis na bainisteoirí áitiúla sna haonaid ghnó go léir chun sábháilteacht, sláinte agus leas ár bhfostaithe a chinntiú agus tá éascaíocht á déanamh do Choiste Comhpháirtíochta na Láithreach Oibre atá gníomhach agus atá comhdhéanta d’ionadaithe na bhfostaithe ar fud na heagraíochta.

Déan Teagmháil Linn

Comhairle Contae Chiarraí ,
Áras an Chontae,
Ráth Teas,
Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066/7183500
r-phost: info@kerrycoco.ie