Pleanáil

Déanann an Rannóg Pleanála gach iarratas pleanála ar fhorbairt laistigh den Chontae a phróiseáil. Táimid freagrach chomh maith as beartais phleanála a chur i bhfeidhm i gCiarraí a éascaíonn forbairt eacnamaíochta, ach a chosnaíonn agus a chothaíonn ár dtimpeallacht ag an am céanna.