Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean

Ceann de na príomhghníomhaíochtaí atá luaite in Atógáil Éireann é réitigh a sholáthar go luath chun déileáil leis an líon teaghlach agus daoine aonair atá i lóistín éigeandála: tacaíochtaí idirghníomhaireachta a chur ar fáil do dhaoine atá gan dídean faoi láthair, agus béim ar leith a leagan ar dhaoine a chodlaíonn amuigh agus cur le tacaíochtaí Stáit chun cabhrú le daoine fanacht ina dtithe féin.

Má tá imní ort go bhféadfá a bheith gan dídean, is é sin, má shíleann tú go bhféadfá do theach a chailleadh ar chúis éigin, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh láithreach le d’údarás áitiúil agus, más gá, comhairle a fháil faoi do chás féin ó Ionad Eolais do Shaoránaigh nó ó Threshold.

D’fhéadfadh gur lóistín i bhfoirm brú (á chur ar fáil ag gníomhaireachtaí reachtúla nó eagraíochtaí deonacha), lóistín éigeandála cosúil le brú á chur ar fáil san earnáil phríobháideach, nó lóistín oiriúnach san earnáil phríobháideach a bheadh sa lóistín atá á chur ar fáil do dhaoine gan dídean, ag brath ar riachtanas gearrthéarmach, fadtéarmach, idirthréimhseach nó éigeandála

Tá gealltanas tugtha ag Comhairle Contae Chiarraí dóthain leapacha éigeandála a chur ar fáil do dhaoine gan dídean a thagann chomh fada leis an Ionad Eolais do Dhaoine gan Dídean.

  • Plean Gníomhaíochta Réigiún an Iardheiscirt 2013-2018
  • Plean Gníomhaíochta Réigiúnach le haghaidh Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean 2010-2013 i Réigiún an Iardheiscirt

HAP le haghaidh Seirbhísí do Dhaoine Gan Dídean
Tairgeann Comhairle Contae Chiarraí seirbhís Aimsithe Áite atá dírithe go sonrach ar theaghlaigh atá ag aistriú ó sheirbhísí do dhaoine gan dídean chuig an earnáil cíosa phríobháidigh faoin Scéim Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta (HAP). Is cuid den Aonad le haghaidh Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean i gComhairle Contae Chiarraí é an t-aimsitheoir Áite agus tá sé dírithe go sonrach ar iarratasóirí tithíochta a bhfuil úsáid á baint acu as seirbhísí éigeandála do dhaoine gan dídean faoi láthair.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le tacaíocht le haghaidh Aimsitheoir Áite, glaoigh ar an uimhir 066-7183675/066-7183792 nó seol ríomhphost chuig homelessunitstaff@kerrycoco.ie.

 

Dein teagmháil linn

An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie