Soláthar Iasachta

Iasacht Atógála / Feabhsúchán Tí
Is féidir iasacht atógála / feabhsúchán tí a eisiúint le haghaidh feabhsúchán riachtanach ar áit chónaithe aonair duine, áit a mbeidh na hoibreacha a gcuirfear i gcrích mar bhonn le feabhsúchán suntasach na ndálaí maireachtála sa réadmhaoin. Ní mór go mbeadh an teaghais ina bhfuil na hoibreacha le déanamh faoi úinéireacht iarratasóirí. Chun a bheith incháilithe, ní mór duit tástáil incháilitheachta ioncaim a chomhlíonadh, a dhéanann cuntas d’ioncam an phríomhshaothraí ioncaim agus ioncam an dara saothraí ioncaim sa teaghlach. Tá an iasacht uasta atá ar fáil cothrom le €38,000 (€50,000 le haghaidh oileán amach ón gcósta). Tá an iasacht seo iníoctha thar nó i rith 15 bliain ag ráta úis inathraithe.

Tabhair faoi deara: Ní sholáthraíonn Comhairle Contae Chiarraí iasachtaí nó breisithe comhdhlúthaithe.

Tabhair faoi deara: Go ginearálta, níl an deontas atógála / feabhsúchán tí ar fáil do dhaoine a bhfuil sochair dhífhostaíochta/leasa shóisialaigh á bhfáil acu.

  • Foirm Iarratais Iasacht Atógála
  • Bileog Iasachta Atógála

Riaráiste morgáiste ar Iasachtaí Comhairle
Is é cur chuige Chomhairle Contae Chiarraí go ndéantar gach iarracht is féidir cabhrú le hiasachtaithe a mbíonn deacrachtaí acu aisíocaíochtaí Iasachta a dhéanamh. Má tá deacracht agat le haisíocaíochtaí is féidir cruinniú a eagrú le ball de Roinn na nIasachtaí chun d’iasacht a phlé.

Próiseas Réitigh Riaráiste Morgáiste (M.A.R.P) a thugtar ar an bpróiseas a úsáidimid chun déileáil le riaráiste Iasachta. Tá tuilleadh eolais le fáil ag

Sonraí teagmhála an Aonaid Iasachtaí:

Teil: 066 7183910
Ríomhphost: loans@kerrycoco.ie

Covid 19 – Sos Íocaíochta Morgáiste d’Iasachtaithe Údaráis Áitiúil
Dheimhnigh an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, an tUasal Eoghan Murphy TD, ar an 14 Aibreán 2020, go raibh socruithe staonta bunaithe le haghaidh táirgí morgáiste údaráis áitiúil.  “Táthar i ndiaidh teacht ar chomhaontú anois maidir le bearta chun tacú le hiasachtaithe iasachtaí tithíochta údaráis áitiúil. Cinnteoidh na bearta seo go gcuirfear sos íocaíochta morgáiste de suas le trí mhí ar fáil d’iasachtaithe údaráis áitiúil a bhfuil a leithéid ag teastáil uathu.”  Cuireadh síneadh leis an scéim ar an 26/06/2020, 29/09/2020 agus 27/01/2021 chun 3 shos íocaíochta breise morgáiste a chur san áireamh suas go dtí uasmhéid tréimhse sos íocaíochta morgáiste de 12 mhí.  Ba é an 31 Márta 2021 an Spriocdháta a bhí luaite le hiarratas a dhéanamh ar do chéad Sos Íocaíochta Morgáiste.  Is féidir le haon iasachtaí atá ag baint tairbhe as Sos Íocaíochta Morgáiste faoi láthair, nó a bhain tairbhe as Sos Íocaíochta Morgáiste roimhe seo iarratas a dhéanamh ar Shos Íocaíochta Morgáiste 3 mhí eile suas go dtí tréimhse uasta 12 mhí.  Ní gá Sosanna Íocaíochta Morgáiste a thógáil i ndiaidh a chéile.  Is féidir le hiasachtaithe a chur Sos Íocaíochta Morgáiste i gcrích roimhe seo iarratas a dhéanamh ar an dara, tríú nó ceathrú Sos Íocaíochta Morgáiste más gá sna himthosca fiú má bhí bearna idir Sosanna Íocaíochta Morgáiste, é sin ráite, ní mór go mbeadh gach Sos Íocaíochta Morgáiste curtha i gcrích ina n-iomláine faoin 31 Márta 2022.

Moltar d’aon iasachtaí a bhfuil deacrachtaí aige/aici mar thoradh ar COVID-19 teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Chiarraí, Aonad na nIasachtaí Tithíochta a luaithe agus is féidir trí ríomhphost a sheoladh chuig loans@kerrycoco.ie nó trí ghlaoch ar an uimhir 066-7183910.

Tabhair aird ar na doiciméid seo a leanas atá faoi iamh:
Sos Íocaíochta Morgáiste Tosaigh – Foirm Iarratais
Sos Íocaíochta Morgáiste Breise – Foirm iarratais
Foirm Iarratais don Cheathrú Sos Íocaíochta Morgáiste
Ceisteanna Coitianta maidir le Sos Íocaíochta Iasacht Morgáiste

Dein teagmháil linn

An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie