Scéim Cóiríochta Cíosa (Tionónta)
Bunaíodh an Scéim Cóiríochta Cíosa (RAS) in 2004 agus dhá phríomhchuspóir mar bhonn aici. Ar dtús, chun deireadh a chur le spleáchas fadtéarmach tionóntaí ar Fhorlíonadh Cíosa san earnáil cíosa phríobháidigh agus chun feabhas a chur ar fhreagairt údaráis áitiúil do riachtanas tithíochta fadtéarmach. Áirítear ar phríomhchuspóirí RAS, inter alia, foinse bhreise de chóiríocht ar cíos ar ardchaighdeán a sholáthar, deireadh a chur le gaistí bochtaineachta (trí ligean do thionóntaí dul isteach in obair lánaimseartha) agus slándáil tithíochta níos fearr a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu, chomh maith le cur le luach níos fearr ar airgead don Stát i soláthar réiteach cóiríochta fadtéarmacha. Soláthraíonn RAS cur chuige struchtúrtha, bunaithe ar chóiríocht, maidir le húsáid na hearnála cíosa príobháidí chun freastal ar riachtanais teaghlach atá cáilithe do thacaíochtaí tithíochta sóisialta. Is féidir é a úsáid freisin chun cóiríocht a chur ar fáil do theaghlaigh nach bhfuil ar Fhorlíonadh Cíosa faoi láthair ach a bhfuil cúinsí acu a éilíonn breithniú speisialta, mar shampla iarratasóirí atá gan dídean, i mbaol a bheith gan dídean agus daoine atá buailte ag foréigean teaghlaigh.
Sonraí Teagmhála:
Scéim Cóiríochta Cíosa (RAS),
Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí.
Teil: 066 7183805
Ríomhphost: leasing@kerrycoco.ie
Bileog Eolais do Thionóntaí
Foirm Iarratais
Ceisteanna Coitianta
Scéim Cóiríochta Cíosa – Foirm Léirithe Suime
Dein teagmháil linn
An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie