Uisce faoin Tuath

Tá nóta comhairleach curtha timpeall ag Cónaidhm Náisiúnta na Grúpscéimeanna Uisce go dtí gach grúpscéim uisce i bhfianaise scaipeadh leanúnach an Choróinvíris (COVID-19).

NFGWSNóta Comhairleach an CNGU faoi Covid-19 agus GUanna

Is í Comhairle Contae Chiarraí a riarann an Clár Uisce Tuaithe i gcomhpháirt leis an Roinn Chomhshaoil, a chuireann maoiniú ar fáil don gclár, chomh maith le cúnamh maoinithe tríd an gclár náisiúnta CLÁR (riartha ag an Roinn Gnóithe Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta).
D’fhiosracháin maidir le hUisce Tuaithe glaoigh ar  066 7163469 nó cuir rphost go ruralwater@kerrycoco.ie

Cuimsíonn an Clár Uisce Tuaithe na scéimeanna deontais seo a a leanas:

[A] Deontais d’Fhoinsí Uisce Príobháideacha:
Is ann don deontas seo chun cabhrú le teaghlaigh i gceantracha tuaithe atá ag brath ar fhoinse uisce príobháideach (tobar aonair) dá riachtanais tí. Déantar seo trí chúnamh airgid a chur ar fáil dóibh sa chás is go mbíonn caiteachas caipitil orthu de bharr an tsoláthair seo, nó má bhíonn orthu feabhas a chur ar an soláthar chun cinntiú go mbíonn sé folláin agus glan, nó sa chás nach leor an soláthar chun a riachtanais tí a shásamh de réir na  Rialacháin Tithíochta (Cúnamh Airgid do Sholáthar Uisce Príobháideach) 2020 (S.I. No. 192 of 2020).

Soláthar Uisce Príobháideach – Téarmaí agus Coinníollacha

Soláthar Uisce Príobháideach – Foirm Iarratais PWS 1a 2020

Conas do sholáthar uisce príobháideach a choimeád slán

Feachtas Eolais faoi Thoibreacha Príobháideacha de chuid an GCC/FSS

[B] Deontais do Grúpscéimeanna Uisce agus Fuíolluisce:
Deontais Tógála do Ghrúpscéimeanna Uisce agus Fuíolluisce
Deontais d’Athchóiriú Grúpscéimeanna roimh don gComhairle Contae iad a thógaint ar lámh
Deontais do Scéimeanna Uisce agus Fuíolluisce Beaga Poiblí

[C] Fóirdheontas i dtreo Costais Oibrithe Grúpscéim Soláthar Uisce:
Bronntar an deontas seo d’iontaobhaithe ar Ghrúpscéimeanna Soláthar Uisce. Téann sé i dtreo costais reatha bainteach le soláthar a chur ar fáíl do thomhaltóirí cónaitheacha ar ghrúpscéimeanna uisce príobháideacha a dtagann a gcuid uisce ó fhoinsí poiblí nó príobháideacha.

Téarmaí agus Coinníollacha maidir le Fóirdheontas i dtreo Chostais Oibriúcháin na nGrúpscéimeanna Uisce

Foirm Iarratais ar Fhóirdheontas do Ghrúpscéim Uisce

[D] Foilseofar Sonraí anseo go luath faoi Dheontais do Chórais Chóireála ar Fhuíolluisce Tí
Tuilleadh eolais ach glaoch ar 066 7163469 nó sheol rphost ag ruralwater@kerrycoco.ie

[E] Deontais a dhíoltar faoi Leasúcháin ar Luaidhe Tí: (Cúnamh Airgid) Rialacháin 2016 (S. I. No. 56 of 2016)
Cabhraíonn an deontas seo le húinéirí áitribh atá ceangailte le foinse uisce poiblí timpeall ar na costais bainteach le malartú a dhéanamh ar phíopaí luaidhe atá mar chuid de chóras inmheánach an áitribh, de réir mar atá leagtha amach faoin Acht um Sheirbhísí Uisce 2007. Is gá d’úinéir an áitribh atá i gceist go mbeadh an áitreabh sin ina phríomh-ionad cónaithe aige.

Cliceáil anseo don bhFoirm Iarratais

Meamram Mínithe

 

Dein teagmháil linn

Ionad Seirbhísí Cheantar Oileán Chiarraí,
Bóthar an Stáisiúin,
Oileán Chiarraí,
Co. Chiarraí
Guthán: 066/7163400
Rphost: waterservices@kerrycoco.ie