Freagrachtaí an Tionónta / Bainistíocht Tionóntachta

Freagrachtaí Tionóntachta

Nuair a shínítear Comhaontú Tionóntachta, tá tionóntaí ag glacadh páirte i gconradh le Comhairle Contae Chiarraí, agus ní mór dóibh cloí le téarmaí an Chomhaontaithe Tionóntachta.

Nuair a shíníonn tionóntaí Comhaontú Tionóntachta Chomhairle Contae Chiarraí comhaontaíonn siad:

Cónaí sa réadmhaoin mar an phríomháit chónaithe

Cíos seachtainiúil agus táillí eile a íoc nuair atá siad dlite

Foirm Measúnaithe Cíosa a chur ar fáil go bliantúil agus aon am eile a athraíonn ioncam nó imthosca an teaghlaigh

An réadmhaoin agus an gairdín a choinneáil ar bhealach réasúnta – lena n-áirítear ballaí, geataí, féar, fálú agus crainn

An gairdín agus aon chosán taobh leis an réadmhaoin a choinneáil saor ó bhruscar

A chinntiú nach foinse núise iad féin, nó aon duine eile, lena n-áirítear leanaí, atá ina c(h)ónaí sa réadmhaoin do chomharsana.  Ba cheart aird a thabhairt ar an méid seo a leanas go háirithe:

Ní cheadaítear drugaí a úsáid, a dhíol nó a shaothrú

Ní cheadaítear aon ghníomhaíocht choiriúil

Ní cheadaítear foréigean nó bagairtí foréigneacha

Ní cheadaítear aon chiapadh ná mí-úsáid

Ní cheadaítear ceol ard

Ní cheadaítear loitiméireacht

Ní cheadaítear aon iompar is cúis le nó a d’fhéadfadh a bheith mar chúis le haon dainséar, gortú, damáiste, caillteanas nó imní shuntasach nó sheasta d’aon duine atá ina c(h)ónaí, ag obair nó sa limistéar go neamhdhleathach ar bhealach ar bith eile

Faigh cead i scríbhinn ón Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chiarraí roimh thús a chur le haon feabhsúcháin, athruithe nó breiseanna don réadmhaoin agus gairdín

 

Sonraítear i Lámhleabhar an Tionónta freagrachtaí Chomhairle Contae Chiarraí mar thiarna talún agus mar Thionónta. 

Lámhleabhar an Tionónta

Bainistíocht Tionóntachta
Nuair a leithdháileann Comhairle Contae Chiarraí réadmhaoin do dhuine, ní ghlactar leis/léi díreach mar thionónta de chuid na Comhairle, glactar leis/léi mar bhall den phobal agus mar chomharsa de chuid na ndaoine eile atá ina gcónaí sa phobal sin. 

Molann an Chomhairle do gach tionónta a bheith páirteach i saol a n-eastát agus tá an Chomhairle lánsásta tacú le agus comhairle a chur ar thionóntaí chun cur ar a gcumas Cumainn Cónaitheoirí agus Grúpaí Pobail a bhunú.

Tá Oifigigh Bainistíochta Tionóntachta fostaithe ag Comhairle Contae Chiarraí chun cabhrú le tionóntaí a bheith páirteach ina n-eastáit agus tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil. 

Buaileann tionónta lena nOifigeach Bainistíochta Tionóntachta nuair a shíníonn siad a C(h)omhaontú Tionóntachta agus tá siad ar fáil ar bhonn leanúnach chun aon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag tionóntaí maidir lena dtionóntacht a fhreagairt.

Tá Oifigigh Bainistíochta Tionóntachta freagrach as a chinntiú go bhfuil coinníollacha a gComhaontaithe Tionóntachta á gcomhlíonadh ag gach tionónta agus eagraíonn siad cuairteanna agus iniúchtaí rialta chuig na suíomhanna éagsúla chun é seo a chinntiú.

Chomh maith leis sin, déileálann Oifigigh Bainistíochta Tionóntachta le gearáin maidir le hiompar frithshóisialta agus núise, agus caitear go dáiríre leis na gearáin seo.  Déantar gach gearán a iniúchadh go hiomlán, agus sa chás go ndéantar gearáin thromchúiseacha agus go bhfuil bunús maith leo, d’fhéadfaí an tionónta nó duine a bhfuil

na gearáin déanta ina c(h)oinne a dhíshealbhú.  In imthosca den chineál sin, d’fhéadfadh Oifigigh Bainistíochta Tionóntachta imeachtaí reachtúla a thionscnamh, lena n-áirítear Ordú Sealbhaithe a lorg trí na Cúirteanna chun an réadmhaoin a aisghabháil.

Sonraí teagmhála an Aonaid Bainistíochta Tionóntachta:

Teil: 066 7183897
Ríomhphost: TenancyMgtOfficers@kerrycoco.ie

 

Dein teagmháil linn

An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie