Scéim Deisiúcháin & Léasaithe
An bhfuil réadmhaoin faoi d’úinéireacht (folamh le haghaidh breis is bliain amháin) i gCiarraí a bhfuil tú toilteanach í a leasú le Comhairle Contae Chiarraí?
Is é an aidhm atá leis an Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe (RLS) tithíocht shóisialta a sholáthar trí úsáid a bhaint as réadmhaoin fholamh. Tá an scéim dírithe ar úinéirí réadmhaoin fholamh nach bhfuil sé d’acmhainn acu nó nach bhfuil rochtain acu ar an maoiniú a theastaíonn chun réadmhaoin a dheisiú ag caighdeán a bheidh oiriúnach do chóiríocht cíosa.
Maoiníonn an t-údarás áitiúil na hoibreacha deisiúcháin, cuirtear an réadmhaoin ar fáil mar chuid den stoc tithíochta sóisialta trí léas a bhunú agus fritháirítear costas na ndeisiúchán i gcoinne na cíosa sa todhchaí.
Tá roinnt riachtanas luaite leis an scéim:
- ní mór go mbeadh an réadmhaoin folamh le haghaidh 12 mhí ar a laghad sula ndéantar iarratas: beidh fianaise ar fholúntas ag teastáil
- níl an scéim ag tacú le ligean ar cíos ar bhonn príobháideach
- ní mór go mbeadh éileamh tithíochta sóisialta ar an réadmhaoin go háitiúil
- ní mór go mbeadh an réadmhaoin inmharthana chun tithíocht shóisialta a sholáthar
- tá maoiniú luach € 60,000 ar fáil do gach aonad, CBL san áireamh
- íocfaidh úinéir na réadmhaoine costas na ndeisiúchán trí fhritháireamh i gcoinne na híocaíochta cíosa comhaontaithe go dtí go mbíonn luach na n-oibreacha aisíoctha
- tá téarma léasa íosta 5 bliana i gceist agus téarma léasa uasta de 25 bliain i gceist
- comhaontófar na cíosanna atá le híoc i ndiaidh idirbheartaíochta le Comhairle Contae Chiarraí
- bunófar na híocaíochtaí léasa ar théarmaí ginearálta an léasaithe shóisialta atá socraithe ag idir 70% agus 80% de na rátaí cíosa margaidh reatha i suíomh na réadmhaoine
- comhaontaítear scóip agus costas na n-oibreacha idir úinéir na réadmhaoine agus Comhairle Contae Chiarraí
- ní mór go mbeadh na caighdeáin íosta á gcomhlíonadh ag an réadmhaoin, mar aon le Rialacháin Tithíochta (Caighdeáin le haghaidh Tithe Ligthe ar Cíos) 2019
- ní mór go mbeadh troscán sa réadmhaoin
Breithneofar réadmhaoin i ngach ceantar ach go háirithe is mian leis an gComhairle réadmhaoin a aimsiú sna príomhbhailte agus sna príomh-shráidbhailte.
Na príomhbhuntáistí d’úinéirí réadmhaoine:
- Cíos faoi ráthaíocht
- Réadmhaoin a uasghrádú a d’fhéadfaí a thréigean mura ndéantar na hoibreacha uasghrádaithe
- Ní bheidh aon chaillteanas cíosa i gceist i rith tréimhsí folmha
- Ní bheidh ort cíos a bhailiú nó tionónta nua a aimsiú
- Ní bheidh ort déileáil le tionóntaí nó gnáthobair chothabhála a dhéanamh
- Ní bheidh ort costais fógraíochta a íoc
Is féidir foirmeacha iarratais a sheoladh trí r-phost chuig an seoladh kerryrls@kerrycoco.ie
Tá an Fhoirm Iarratais agus na Ceisteanna Coitianta (CCanna) agus tuilleadh sonraí le fáil thíos nó trí r-phost a sheoladh chuig an Roinn Tithíochta ag an seoladh kerryrls@kerrycoco.ie
Dein teagmháil linn
An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie