Aonad Forbartha Eacnamaíochta

An bhfuil tú i mbun gnó a bhunú nó a athlonnú i gContae Chiarraí? Ar mhaith leat cuid de do ghnó a chur amach ar chonradh nó a athlonnú? Ar mhaith leat plé a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le bheith i mbun gnó sa Chontae? Más mar sin atá, bheadh ár nAonad Forbartha Eacnamaíochta an-sásta cloisteáil uait.

Is iontach an áit í Co. Chiarraí le cur fút agus le hobair agus gnó a dhéanamh inti.  Tá gréasáin láidre áitiúla ag ár gcontae chun tacú le haon athlonnú. Is breá an áit í chun cónaí inti agus caighdeán maith beatha ar fáil. Bíonn costais níos ísle ag baint le gnó a dhéanamh inár gcontae agus tá naisc mhaithe aeir agus iarnróid ann.

Má tá ceist agat faoi ghnó a bhunú nó a athlonnú inár gcontae, déan teagmháil le Helen O’Connor-Barry ón Aonad Forbartha Eacnamaíochta nó le Tomás Ó hAodha ón Oifig Fiontair Áitiúil ag enterprise@kerrycoco.ie chun plé luathchéime a dhéanamh.

Bíonn an t-aonad seo ag obair go dlúth leis an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail (GFT) agus le Fiontraíocht Éireann chun tacú le forbairt gnó.

https://www.idaireland.com/invest-in/kerry

Dein teagmháil linn

Aonad Forbartha Eacnamaíochta,
Comhairle Contae Chiarraí ,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066/7183500
r-phost:
enterprise@kerrycoco.ie