Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos - Íoschaighdeáin RTB

Iniúchtaí RTB

Iniúchtaí Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos / HAP/ RAS/Léasú/Gearáin

Íoschaighdeáin i gcóiríocht ar cíos

  1. Céard iad na híoschaighdeáin?
  2. Céard a tharlaíonn mura gcomhlíonann do réadmhaoin na híoschaighdeáin?
  3. Teagmhálaithe

Tá dualgas dlíthiúil ar gach tiarna talún a chinntiú go gcomhlíonann an réadmhaoin atá ligthe ar cíos aige íoschaighdeáin fhisiciúla áirithe.

Tá na híoschaighdeáin seo sonraithe i Rialacháin Tithíochta (Caighdeáin le haghaidh Tithe Ligthe ar Cíos) 2019.

Céard iad na híoschaighdeáin?
Maidir le gach teach atá ligthe ar cíos nó atá ar fáil le ligean ar cíos, ní mór don tiarna talún a chinntiú go bhfuil bailriocht cuí ó thaobh déanmhais ar an réadmhaoin atá le ligean ar cíos. Ciallaíonn sé seo nach mór don tiarna talún a chinntiú go bhfuil bailriocht cuí ar an réadmhaoin, taobh istigh agus taobh amuigh. Ní mór go mbeadh díonta, sclátaí, fuinneoga, urláir, síleálacha, ballaí, staighrí, doirse, cláir sciorta, éadain, tíleanna ar aon urlár, síleáil agus balla, gáitéir, fánphíobáin, feistis, gairdíní agus limistéir choiteanna i mbail agus i ndeis mhaith.

Ní mór don tiarna talún a chinntiú go bhfuil gach suiteáil gáis, ola agus leictreachais i mbail mhaith, agus in ord oibre sábháilte agus go bhfuil dóthain aerála agus solas nádúrtha agus saorga i ngach seomra.

Ní mór sriantáin sábháilteachta oiriúnacha a fheistiú ar fhuinneoga trína bhféadfadh duine titim.

Ní mór don tiarna talún an méid seo a leanas a sholáthar:

leithreas le báisín níocháin le huisce te agus fuar

seomra ar leithligh, le húsáid go heisiach ag gach aonad atá ligthe ar cíos, le leithreas, báisín níocháin agus folcadán nó cithfholcadán dobhogtha le huisce te agus fuar

fearas téimh dhobhogtha i ngach seomra, atá in ann teas éifeachtach a sholáthar agus ar féidir leis an tionónta é a rialú

más gá, gairis suite in áiteanna oiriúnacha chun aonocsaíd charbóin a bhrath agus a shainaithint

áiseanna cócaireachta agus le haghaidh stóráil shláinteach bia lena n-áirítear, iarta 4-fháinne le hoigheann agus gríoscán, cuisneoir/reoiteoir agus oigheann micreathonnach

rochtain ar mheaisín níocháin

rochtain ar thriomadóir éadaí mura bhfuil gairdín nó clós príobháideach san aonad atá ligthe ar cíos

aláram dóiteáin agus pluid dóiteáin

rochtain ar áiseanna stórála bruscair míolradhíonacha agus lotnaid-díonacha

I bhfoirgnimh ilaonaid, ní mór don tiarna talún aláram dóiteáin sreangaithe leis an bpríomhlíonra, pluid dóiteáin, agus plean aslonnaithe éigeandála a sholáthar. Chomh maith leis sin, ní mór go mbeadh soilse éigeandála i limistéir choiteanna. Tá na sonraí ar fad maidir leis na riachtanais a bhaineann le cóiríocht ar cíos le fáil sna Rialacháin.

Déantar cur síos sa Treoir maidir le hÍoschaighdeáin i gCóiríocht ar Cíos ar na príomhghnéithe.

Tá sé mar aidhm leis na Treoirlínte d’Údaráis Áitiúla – Íoschaighdeáin i gCóiríocht ar Cíos (MF 2017) a chinntiú go bhfuil cuir chuige agus nósanna imeachta caighdeánacha bunaithe le haghaidh iniúchta agus forfheidhmithe sna húdaráis áitiúla ar fad.

Céard a tharlaíonn mura gcomhlíonann do réadmhaoin na híoschaighdeáin?

Tá údaráis áitiúla freagrach as na híoschaighdeáin seo a fhorfheidhmiú. Áirítear anseo iniúchadh a dhéanamh ar réadmhaoin. Más tionónta thú agus má shíleann tú nach bhfuil do chóiríocht ag an gcaighdeán cuí, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAonad Iniúchtaí Chomhairle Contae Chiarraí.

Teil: 066 7183853
Ríomhphost: housinginspections@kerrycoco.ie

D’fhéadfadh go mbeadh pionóis agus ionchúiseamh mar thoradh ar mhainneachtain na híoschaighdeáin a chomhlíonadh. Is féidir le húdaráis áitiúla Fógraí Feabhsúcháin agus Fógraí Toirmisc a eisiúint do thiarnaí talún a sháraíonn na rialacháin maidir le híoschaighdeáin.

Sonraítear i bhFógra Feabhsúcháin na hoibreacha nach mór don tiarna talún a chur i gcrích chun sárú ar na rialacháin a chur ina gceart.

D’fhéadfadh freisin, mar shampla go mbeadh ról le comhlíonadh ag an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB), sa chás nach bhfuil tiarna talún ag freagairt d’iarratas fearas téimh a dheisiú nó sa chás go bhfuil an úsáid atá á baint ag tionónta as réadmhaoin mar bhonn le meath ar bhail na réadmhaoine agus sárú caighdeáin.

Ba cheart gearáin nó fiosrúcháin a bhaineann le híoschaighdeáin do chóiríocht ar cíos a chur faoi bhráid an Aonaid Iniúchta Tithíochta.

Teagmhálaithe

Má tá ceisteanna ginearálta agat, glaoigh ar Aonad Iniúchtaí Tithíochta Chomhairle Contae Chiarraí ar an uimhir 066 7183853 nó seol ríomhphost chuig housinginspections@kerrycoco.ie
Ba cheart ceisteanna a bhaineann le beartas agus reachtaíocht caighdeán a sheoladh chuig: rental_sector@housing.gov.ie
www.rtb.ie

Dein teagmháil linn

An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie