Reiligí

Tá 157 Reilig faoi stiúir Chomhairle Contae Chiarraí. Tá airígh pháirtaimseartha fostaithe ag an gComhairle chun aire a thabhairt do chothabháil go leor de na reiligí seo.

Tá sé mar pholasaí ag an gComhairle a bheith ag obair le pobail áitiúla agus rannpháirt a thabhairt dóibh i gcothabháil agus i gcúram reiligí áitiúla. Faoi láthair oibríonn Comhairle Contae Chiarraí le 50 Coiste Reiligí Áitiúla agus tugann siad cúnamh airgeadais dóibh.

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara go rangaítear 92 den 157 Reilig sa Chontae mar láithreacha Seandálaíochta agus, dá réir sin, go bhfuil siad faoi chosaint de réir an Achta um Séadchomharthaí Náisiúnta.   Ní mór cead a fháil roimh ré ó fhoireann innealtóireachta agus seandálaíochta na Comhairle le haghaidh aon oibreacha atá le déanamh sna Reiligí seo.

Sonraí Teagmhála: 066 7183718/83512

Ríomhphost: burialgrounds@kerrycoco.ie

Is féidir teacht ar Thaifid maidir le hAdhlachtaí Reiligí anseo

Balla Colmlainne le haghaidh Luaithreach Créamtha

 

Déan teagmháil linn

An Rannóg Comhshaol,
Sráid Maine, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066 716 2000
Bruscar: 1800/326228
Fax: (066) 7120663
r-phost: environ@kerrycoco.ie