Turasóireacht

Clár Féilte agus Imeachtaí Rannpháirtíochta do Chontae Chiarraí 2023

Bunaíodh an tAonad Turasóireachta sa bhliain 2014 chun breis forbairt eacnamaíoch a spreagadh i gCiarraí trí éascú a dhéanamh ar fhorbairt agus bolscaireacht tionscal turasóireachta inmharthana éagsúil. Tá seo á bhaint amach trí phairtnéireachtaí agus comhoibriú a bhunú le Fáilte Éireann, Tourism Ireland, an earnáil áitiúil turasóireachta, grúpaí pobail agus comhlachtaí forbartha, agus trí thionscnaimh nua turasóireachta a fhorbairt, feabhas a chur ar thionscnaimh turasóireachta atá ann cheana féin, agus trí chaighdeáin inghlactha timpeallachta a chinntiú do chuairteoirí agus muintir na háite.

Tá an earnáil turasóireachta ar cheann de na hearnálacha is mó fás sa ghéilleagar áitiúil agus náisiúnta, agus is í an earnáil den ghéilleagar leis an gcumas fáis is mó. Meallann Ciarraí 1.5 milliún cuarteoirí sa bhliain, ach tá an acmhainn ann cur le líon na gcuairteoirí, an méid a chaitheann siad, agus an líon daoine a fhostófar san earnáil turasóireachta.

Is iad an tAonad Turasóireachta, i dteannta le Fóram Ceann Scríbe Chiarraí agus páirtithe leasmhara eile, a d’ullmhaigh Plean Straitéise agus Gníomhaíochtas Turasóireachta Chiarraí 2016-2022 chun tacú le forbairt na turasóireachta i gCiarraí.

BRANDA CEANN SCRÍBE CHIARRAÍ
Seoladh Branda Ceann Scríbe Chiarraí go hoifigiúil i Mí na Nollag 2017 ag an Aire Brendan Griffin. Is tionscnamh de chuid Fóram Ceann Scríbe Chiarraí agus Aonad Turasóireachta Chomhairle Contae Chiarraí é an branda seo. Tá an branda seo mar faomhadh agus dearbhú ar an eispéireas ar leith a bhaineann le cuairt a thabhairt ar Chiarraí. Déanann seo idirdhealú ó thaobh iomaíochta de agus is cuid thábhachtach de thairiscint tráchtála gach éinne é.

Tá an tAonad Turasóireachta tar éis Treoirleabhar Branda a ullmhú a mhíníonn croílár agus nádúr an bhranda, is a leagann amach conas an lógó a úsáid i gceart, na dathanna a bhaineann leis an mbranda, cló an lógó, srl. Is gá go n-úsáidfear an branda go ceart, seasmhach.

Ba mhaith linn go n-úsáidfeadh earnáil na turasóireachta ar fud Chiarraí an branda ar a n-ábhair mhargaíochta, suímh idirlín agus ardáin meáin shóisialta.

Déanfar scaipeadh leathan ar chóieanna crua agus leictreonach de na treoracha seo ar fud earnáil na turasóireachta ó cheann ceann an chontae chun daoine a spreagadh chun an branda nua a úsáíd.

Is féidir leat leagan leictreonach de Treoirleabhar ár mBranda Chiarraí a íoslódáil anseo, nó más fearr keat leagan crua, déan teagmháil leis an Aonad Turasóireachta, Comhairle Contae Chiarraí trí ríomhphost ag tourismoffice@kerrycoco.ie nó glaoigh orainn ag 066 7183591.

Léigh go cáiréiseach tríd an treoirleabhar sara mbaineann tú úsáid as aon cheann de na lógónna, chun go mbeidh sé á úsáíd agat mar is ceart.

Tá lógó Branda Chiarraí ar fáil i bhfoirm clóite agus i bhformáid don scáileán araon, agus tá trí leagan de ar fáil mar a leanas:

Tá nó beidh na lógónna seo a leanas ar fáil anseo. Idir an dá linn cuir rphost chuig tourismoffice@kerrycoco.ie nó glaoigh orainn ag 066 7183591 agus cuirfimid chughat na comhaid iarrtha.

Lógónna ‘Ciarraí Éalú Nádúrtha’

Ciarraí Éalú Nádúrtha
Tá marc branda Chiarraí déanta suas de íomhá agus lógótíp suite laistigh de thomhais áirithe curtha le chéile ar bhealach áirithe.

  1. Leagan lándatha nár cheart a úsáid ach ar chúlra bán (is é seo an leagan is éifeachtaí den lógó)
  2. Leagan aondatha bán do chúlraí dorcha
  3. Leagan aondatha dubh do chúlraí eile

Ciarraí Éalú Nádúrtha
Is féidir marc branda Ciarraí a úsáid in ábhar as Béarla agus ábhar as Gaeilge araon.

  1. Leagan lándatha nár cheart a úsáid ach ar chúlra bán (is é seo an leagan is éifeachtaí den lógó)
  2. Leagan aondatha bán do chúlraí dorcha
  3. Leagan aondatha dubh do chúlraí eile

Kerry Ireland
Níl an marc branda Kerry Ireland le húsáid ach i gcomhthéacs margaíochta idirnáisiúnta nuair is gá suíomh Chiarraí in Éirinn a mhíniú.

  1. Leagan lándatha nár cheart a úsáid ach ar chúlra bán (is é seo an leagan is éifeachtaí den lógó)
  2. Leagan aondatha bán do chúlraí dorcha
  3. Leagan aondatha dubh do chúlraí eile

Seift Ghrafach
Chun sraith eile a thabhairt d’úinéireacht agus seasmhacht an bhranda, is féidir an ‘K’ do Kerry a úsáid mar sheift ghrafac, sraith leath-trédhearcach thar ghrianghrafadóireacht.

Deilbhíní
Táthar tar éis réimse deilbhíní a chruthú chun an réimse leathan gníomhaíochtaí agus imeachtaí a chuireann Ciarraí ar fáil a chlúdach.

Déan Teagmháil

Roinn Turasóireacht
Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
An Ráth Teas,
Trá Lí, Co. Chiarraí,
Fón: 066 7183642
R-Phost Turasóireachta