Fiosrú Pleanála Ar-líne

Córas Fiosrú Pleanála ar-líne
Oiriúnach d’fhóin phóca – Pleanáil amháin / Oibríonn ar AppleMac, Táibléidí agus Fóin chliste

Amharcóir Léarscáile Chiarraí Beta (ilsrathach, Pleanáil, LCS, srl. )
Cros-Bhrabhsálaí / Tá Adobe Flash ag teastáil

 

Fógra Séanta
Cé gur deineadh gach iarracht faisnéis chruinn a thaispeáint, Ní ghlacfaidh Comhairle Contae Chiarraí aon fhreagracht as aon chailliúnt, damáiste nó míchaoithiúlacht de bharr míchruinnis nó earráid laistigh. Dá mba ghá leat braith ar aon fhaisnéis tugtha sna leathanaigh seo, faigh deimhniú ar leith ón bhfoireann ag an gCúntar Poiblí Pleanála, led’ thoil.

Tabhair faoi deara: Bíonn ceangal leathanbhanda ag teastáil ón gcóras fiosrú pleanála chun oibriú i gceart.

Ríomhadh teorainneacha ama sa phróiseas iarrtha pleanála thar Séasúr na Nollag.

Deireann Alt 251 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 nach dtugtar an tréimhse idir 24 Mí na Nollag agus 1 Eanáir – agus an dá lá úd mar chuid den tréimhse luaite –  san áireamh nuair atáthar ag ríomhadh aon teorainn chuí nó tréimhse eile ábhartha atá luaite san Acht, nó in aon rialacháin a bhaineann leis an Acht. Ar an mbonn sin, cuirfear 9 lá breise le gach teorainn ama luaite maidir leis an bpróiseas pleanála, na teorainneacha a bhaineann le cothabháil ar fhógraí suímh agus le fáil aighneachtaí nó tuairimí san áireamh.