Faoin gComhairle

Is í Comhairle Contae Chiarraí an comhlacht rialtais áitiúil atá freagrach as raon leathan seirbhísí a sholáthar agus a riar i gContae Chiarraí in Iardheisceart na hÉireann.

Soláthraítear tríd an gcomhairle seirbhísí agus saoráidí lena n-áirítear tithíocht, pleanáil, forbairt gheilleagrach, tacaí gnó, caomhnú an chomhshaoil, bóithre agus bonneagar, cothú na turasóireachta agus na n-ealaíon, saoráidí pobail, leabharlanna, seirbhísí dóiteáin agus a thuilleadh nach iad. Is féidir leat a thuilleadh eolais faoi na seirbhísí sin a fháil ar an leathanach dar teideal Ár Seirbhísí sa láithreán gréasáin seo.

Tá triúr agus tríocha ball tofa (comhairleoirí) ag Comhairle Contae Chiarraí, atá tofa ar bhonn daonlathach i dtoghcháin údaráis áitiúil gach cúig bliana. Ba i mBealtaine na bliana 2019 a tharla na toghcháin dheireanacha i gcomhair an údaráis áitiúil.

Déanann na baill thofa ionadaíocht do shé cinn de thoghlimistéir sa chontae: Trá Lí, Cill Airne, Neidín, Corca Dhuibhne, Oileán Ciarraí agus Lios Tuathail.

Roinntear an contae ina chúig cinn de Cheantair Bhardasacha (limistéir riarácháin) ar fud an chontae agus comhlíonann siad siúd roinnt áirithe feidhmeanna, lena n-áirítear buiséad bliantúil na comhairle a ghlacadh, pleananna seachadta seirbhíse, fodhlíthe, beartais, agus leasuithe ar phleananna forbartha sna bailte agus sna sráidbhailte.

Is iad na Ceantair Bhardasacha, a bunaíodh faoin Acht Rialtais Áitiúil, 2014, ná:
• Trá Lí (7 ball)
• Cill Airne (7 ball)
• Oileán Ciarraí – Corca Dhuibhne (7 ball)
• Lios Tuathail (6 ball)
• Neidín (6 ball)

Déanann na comhairleoirí ionadaíocht dóibh siúd a thoghann iad, vótálann siad ar shaincheisteanna a thagann os a gcomhair, tarraingíonn siad a n-ábhair imní anuas, chomh maith le bainisteoirí na comhairle a choimeád cuntasach sna cruinnithe míosúla agus sna cruinnithe eile.

Buaileann na Ceantair Bhardasacha le chéile timpeall is sé huaire in aghaidh na bliana agus is ann freisin do cheithre cinn de Choistí um Beartais Straitéiseacha ina bpléitear beartas agus straitéis i roinnt mhaith réimsí tábhachtacha.

Kerry Mayor Jim Finucane
Tá an Comhairleoir Ó Fionnmhacáin, Séamas ó pháirtí Fhine Gael mar Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Chiarraí faoi láthair. Fónann gach Cathaoirleach sa phost ar feadh bliana. Tá an Comhairleoir Johnnie Wall ó pháirtí Fianna Fáil mar Leas-Chathaoirleach.

Tá thart ar 1,300 ball foirne sa chomhairle agus is iad Ceannasaithe na Comhairle ná an Príomh-Fheidhmeannach, Moira Murrell, agus na Stiúrthóirí Seirbhísí i roinnt áirithe aonad nó rann laistigh den chomhairle. Is in Áras an Chontae, Ráth Teas, Trá Lí atá ceanncheathrú riaracháin na comhairle.

Contact Us
Dein teagmháil

Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
Ráth Teas,
Trá Lí,
Contae Chiarraí
Guthán: 066/7183500
Ríomhphost: info@kerrycoco.ie