Roinn na mBóithre, Iompair & Mara

Tá Roinn na mBóithre, Iompair & Mara freagrach as bóithre poiblí a dhearadh, a chothabháil agus a thógáil i gCiarraí, áit a bhfuil 435km de Bhóithre Náisiúnta agus 4,446km de bhóithre eile.

Áiríonn sé seo cúrsaí sábháilteachta agus cothabháil leanúnach, chun gréasán sábháilte éifeachtúil a chur ar fáil, a fhreastalaíonn ar riachtanais an chontae maidir le Forbairt Tionsclaíochta, Talmhaíochta, Turasóireachta agus Pobail.

Déantar na bóithre a rangú faoi na ceannteidil seo a leanas:

Bóithre Náisiúnta
Is iad na Príomhbhóithre agus na Bóithre Náisiúnta den Dara Grád na bóithre is tábhachtaí sa Chontae, ag déanamh nasc idir na príomhbhailte agus iad ina bpríomhbhealaí isteach chuig an gContae chomh maith.

Tá trí Phríomhbhóthar Náisiúnta sa Chontae:
N21 Trá Lí – Oileán Ciarraí – Droichead na Féile, Teorann Chontae Luimnigh
N22 Trá Lí – Cill Airne – Cluain Chaoin, Teorann Chontae Chorcaí
N23 Fearann Fuar – Oileán Ciarraí

Is iad seo a leanas na Bóithre Náisiúnta den Dara Grád sa Chontae:
N67 Oileán Thairbirt – Tairbeart
N69 Trá Lí – Lios Tuathail – Tairbeart -Teorann Chontae Luimnigh
N70 Trá Lí – Cill Orglan – Cathair Saidhbhín – Neidín
N71 Cill Airne – Neidín (Na Tolláin) – Teorann Chontae Chorcaí
N72 An Ráth Mhór – Crosaire Lios Uí Bhigín & Cill Airne – Cill Orglan
N86 Trá Lí – An Daingean

Bóithre Réigiúnacha
Is iad seo na príomh-nascbhealaí idir Bealaí Náisiúnta agus nascann siad na bailte móra agus na sráidbhailte.

Bóithre Áitiúla
Is iad seo na bóithre poiblí ar fad nach n-áirítear ina mbóithre Náisiúnta ná Réigiúnacha.

Dein teagmháil linn

An Rannóg Oibríochtaí,
Seomra 115
Áras an Chontae
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066/7183588
r-phost: roads@kerrycoco.ie