Cuntais Iníoctha

Tá Roinn na gCuntas Iníoctha freagrach as gach íocaíocht a dhéanann Comhairle Contae Chiarraí a phróiseáil

Beartas Íocaíochta le Soláthraithe.
Seo a leanas Beartas na Comhairle maidir le sonraisc a íoc le soláthraithe.

  • Soláthraithe a íoc laistigh d’amfráma 15 lá, ag tosú ar an lá a fhaigheann Roinn na gCuntas Iníoctha sonrasc bailí.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar shonraisc faighte lena chinntiú go ndéantar íocaíochtaí a phróiseáil go tráthúil.
  • Treoir shoiléir a thabhairt do sholáthraithe maidir lena ról i ndáil le híocaíocht thráthúil sonrasc a chinntiú.
  • Déileáil le sonraisc neamhbhailí agus sonraisc faoi dhíospóid go tráthúil agus de réir na mbeartas reatha.
  • Is féidir sonrasc bailí a chur ar fáil go leictreonach nó ar pháipéar agus ní mór na sonraí seo a leanas a chur ar fáil:
  • Ainm an tsoláthraí, seoladh agus dáta.
  • Uimhir an tSonraisc.
  • Uimhir CBL an tSoláthraí agus rátaí/luach glan/comhlán CBL.
  • Uimhir PPS mura bhfuil an Soláthraí cláraithe le haghaidh CBL
  • Uimhir Ordaithe Ceannaigh na Comhairle. Tabhair faoi deara: Níor cheart go mbainfeadh an Sonrasc ach le hOrdú Ceannaigh amháin, nó cuid de
  • Glacfar leis go bhfuil sonraisc ar a bhfuil roinnt orduithe neamhbhailí agus seolfar ar ais chuig an soláthraí iad.
  • Sonraí maidir le hearraí seachadta agus obair/seirbhísí curtha i gcrích/curtha ar fáil.
  • Sa chás go nglactar le Sonraisc laistigh de raon na Rialach CBL Aisiompaithe (RCT) ba cheart an méid seo a leanas a scríobh ar an sonrasc:
    “TÁ CUNTAS LE DÉANAMH AG AN BPRÍOMHCHONRAITHEOIR AR AN CBL MAIDIR LEIS AN SOLÁTHAR ” agus níor cheart CBL a ghearradh.
  • Is é modh riachtanach íocaíochta na Comhairle Ríomhaistriú Airgid (EFT).
  • Seolfar fógra maidir le híocaíocht (Duillín Íocaíochta) chuig an seoladh ríomhphoist a sholáthróidh an soláthraí.

Comhlíontacht Cánach
Ní mór go mbeadh Deimhniú Imréitigh Cánach ar líne ag soláthraithe ionas gur féidir íocaíocht a dhéanamh. Tá eolas maidir le ceanglais a bhaineann le Deimhnithe Imréitigh Cánach, Cáin Shiarchoinneálach Seirbhís Ghairmiúil, agus Cáin Chonarthaí Iomchuí (RCT) agus foirmeacha iarratais le fáil ar suíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Dein teagmháil linn

An Roinn Airgeadas,
Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: Cuntais Iníoctha: 066-71-83500-Folíne 3366
FMS : 066-71-83520
Rátaí/ACPNP: 066-7162100
Uaireanta Oscailte, Luan go hAoine, 9.00am go dtí 5.00pm