Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (Tionónta)

Céard é an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta?
Is foirm de thacaíocht shóisialta é an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP) a tháinig in áit an Fhorlíonta Cíosa dóibh siúd a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu.

An bhfuil mé incháilithe chun iarratas a dhéanamh?
Ní mór gur iarratasóir(í) tithíochta cáilithe é/í iarratasóir sular féidir leis/léi iarratas a dhéanamh. Cliceáil anseo chun eolas a fháil maidir le hiarratas a dhéanamh ar thithíocht shóisialta.

Conas a oibríonn sé?
Má ghlactar leis go bhfuil tú cáilithe le haghaidh tithíocht shóisialta agus HAP mar fhoirm de thacaíocht tithíochta sóisialta, ní mór duit do chóiríocht cíosa phríobháidigh féin a fháil (laistigh de theorainneacha sonracha cíosa). Íocfaidh Comhairle Contae Chiarraí an tiarna talún go díreach agus íocfaidh an tionónta cíos le Comhairle Contae Chiarraí bunaithe ar an scéim cíosanna difreálacha. Bunófar an cíos ar d’ioncam teaghlaigh sheachtainiúil agus oibríonn an córas cosúil leis na cíosanna difreálacha a ghearrtar le haghaidh tithe de chuid Chomhairle Contae Chiarraí.

Féach ar na naisc thíos má theastaíonn eolas níos mionsonraithe uait.

Tá an tseirbhís seo á soláthar ag An Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chiarraí, Ráth Teas, Trá Lí, Co. Chiarraí V92 H7VT.
Teil: 066 7183855
Ríomhphost: HAP@kerrycoco.ie

Fiosrúcháin maidir le Riaráiste Cíosa AMHÁIN
Teil: 061 556651
Leabhrán Faisnéise do Thionóntaí
Uasteorainneacha Míosúla Cíosa

CEISTEANNA COITIANTA:
Conas is féidir liom foirm iarratais le haghaidh HAP a fháil?
Mura bhfuil tú ainmnithe ar liosta tithíochta Chomhairle Contae Chiarraí fós, beidh ort iarratas a dhéanamh ar thacaíocht tithíochta shóisialta – cliceáil anseo má theastaíonn eolas uait maidir le conas iarratas a dhéanamh.

Má tá tú ainmnithe ar an liosta tithíochta cheana féin, is féidir leat foirm iarratais HAP a lorg trí theagmháil a dhéanamh le hAonad HAP ag an uimhir theileafóin 066-7183855 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig HAP@kerrycoco.ie. Ní gá an fhoirm seo a chomhlánú ach nuair atá cóiríocht oiriúnach aimsithe agat, nó má tá tú i do chónaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos cheana féin agus má tá tú incháilithe aistriú chuig HAP. Beidh ar do thiarna talún cuid den fhoirm iarratais HAP a chomhlánú agus a shíniú. Má tá aon amhras ort maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil do shocrú tionóntachta incháilithe le haghaidh HAP, seiceáil le ball d’fhoireann HAP.

Cé mhéad is fiú an íocaíocht cíosa HAP i gComhairle Contae Chiarraí?
Faoi reachtaíocht HAP, tá teorainneacha le haghaidh íocaíochtaí HAP bunaithe ar an líon daoine i dteaghlach agus an margadh cíosa sa cheantar. Tá solúbthacht bhreise theoranta ag údaráis áitiúla, áfach, i ndáil le teorainneacha cíosa a shárú cás ar chás.

Cliceáil anseo chun na huasteorainneacha reatha cíosa HAP le haghaidh Comhairle Contae Chiarraí a fheiceáil.

An féidir liom breisiú a íoc?
Sa chás go sáraíonn an cíos míosúil atá comhaontaithe le do thiarna talún an uasteorainn cíosa atá iníoctha ag d’údarás áitiúil a do shon, ní mór duit an difríocht a íoc le do thiarna talún go díreach. Tabhair faoi deara go ndéanfar measúnú ar d’acmhainn an cíos breise a íoc.

Cé mhéad cíosa a bheidh le híoc le Comhairle Contae Chiarraí agam?
Tá an cíos a íocann an tionónta bunaithe ar ioncam teaghlaigh. Tá sé á ríomh ar an mbealach céanna leis an gcíos atá á íoc ag tionónta údaráis áitiúil faoin scéim dhifreálach cíosanna.

Cén tréimhse ama ba cheart a bheith luaite leis an léas?
Is fearr tionóntacht dhá bhliain. Clúdófar do thionóntacht faoi théarmaí an Achta um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 (arna leasú). Ciallaíonn sé seo go bhfuil, nó go mbeidh, an comhaontú tionóntachta idir an tionónta agus an tiarna talún (níl Comhairle Contae Chiarraí páirteach sa tionóntacht). Tá tuilleadh eolais maidir le do chearta agus freagrachtaí mar thiarna talún le fáil ar shuíomh gréasáin RTB – www.rtb.ie

An féidir liom bogadh?
Más mian le tionónta deireadh a chur le tionóntacht chónaithe agus má tá an léas bailí, ní éascófar/ní cheadófar é seo ach amháin in imthosca eisceachtúla. Ní mór iarratas i scríbhinn ina sonraítear an chúis atá leis an iarratas bogadh ó réadmhaoin a chur ar fáil. Ba cheart é seo a sheoladh chuig Aonad HAP sula mbogann tú.

Céard a tharlaíonn do m’iarratas tithíochta?
Nuair a chláraíonn tú le haghaidh HAP, tugtar deis duit fanacht ar an liosta feithimh mar iarratasóir aistrithe agus d’am creidmheasa a choinneáil.

An féidir liom aistriú chuig tacaíocht tithíochta eile?
Is féidir. Is féidir le haon faighteoir HAP ar mian leis/léi rochtain a fháil ar aon tacaíochtaí tithíochta sóisialta eile é sin a dhéanamh trí chóras aistrithe HAP a bhfuil údaráis áitiúla freagrach as. Nuair a bhíonn HAP á fháil agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh aistriú ó HAP chuig cineálacha eile tacaíocht tithíochta sóisialta cosúil le tithíocht údaráis áitiúil. Mar fhaighteoir HAP, níl aon tionchar ag an gcinneadh glacadh le HAP ar an seans go bhfaighidh tú foirm dhifriúil de Thacaíocht Tithíocht Shóisialta.

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar HAP i gceantar lasmuigh de Chomhairle Contae Chiarraí?
Sa chás go n-éiríonn le hiarratasóirí incháilithe ar HAP cóiríocht oiriúnach a fháil i gceantar údaráis áitiúil eile, is féidir iarratas a bhreithniú faoi thionscnamh bogtha an Idir-Údaráis.  Tá iarratais faoi réir critéir cháilithe áirithe.  Má theastaíonn tuilleadh eolais uait déan teagmháil le hAonad HAP Chomhairle Contae Chiarraí.

 

Dein teagmháil linn

An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie