Seirbhísí don Lucht Siúil

Ceanglaíodh le hAcht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998 ar Údaráis Tithíochta, i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach Áitiúil um Chóiríocht don Lucht Siúil (CCÁCLS), le heagraíochtaí ionadaíochta agus leis an bpobal i gcoitinne, Clár Cóiríochta don Lucht Siúil a ullmhú agus a ghlacadh i leith tréimhse cúig bliana nó tréimhse is giorra ná san a ordóidh an tAire, chun freastal ar riachtanais chóiríochta reatha agus tuartha na ndaoine den Lucht Siúil ina gcuid limistéir.

Is é is cuspóir leis an gclár so ná measúnacht a dhéanamh ar riachtanais chóiríochta reatha agus tuartha na dteaghlach den Lucht Siúil i gContae Chiarraí i rith na tréimhse agus cur síos a dhéanamh ar thograí sonracha chun a chinntiú go ndéanfar freastal ar an riachtanas so. Féachtar sa chlár do gach reachtaíocht a bhaineann le hábhar. Ba i Mí na Nollag 2024 a ghlac Comhairle Contae Chiarraí an Clár Cóiríochta don Lucht Siúil 2025 – 2029.

Clár Cóiríochta don Lucht Siúil 2025 – 2029

Coiste Comhairleach Lóistín Áitiúil don Lucht Siúil
Ceanglaíonn Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998 ar gach Údarás Áitiúil Coiste Comhairleach Lóistín Áitiúil don Lucht Siúil a cheapadh. Páirteach sa choiste seo tá ionadaithe tofa, oifigigh ó Roinn Tithíochta na Comhairle agus ionadaithe ó Phobal an Lucht Siúil mar aon le daoine atá fostaithe ag gníomhaireachtaí éagsúla chun ionadaíocht a dhéanamh ar riachtanais Phobal an Lucht Siúil.

Seo a leanas feidhm an Choiste arna cinneadh ag an Acht:

  • Comhairle a thabhairt maidir le hullmhú agus cur chun feidhme an Chláir Lóistín don Lucht Siúil
  • Comhairle a thabhairt maidir le lóistín don Lucht Siúil a bhainistiú
  • Pointe idirchaidrimh a sholáthar idir an Lucht Siúil agus baill agus oifigigh den údarás ceapacháin

Páirteach i bhfoireann Chomhairle Contae Chiarraí tá Oifigeach Idirchaidrimh don Lucht Siúil agus Oifiegach Tithíochta don Lucht Siúil go Sonrach arb iad na róil atá acu déileáil leis na fadhbanna sonracha a bhíonn ag an Lucht Siúil, cóiríocht san áireamh.

Má tá aon cheist agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Roinn Tithíochta Chomhairle Contae Chiarraí ag an uimhir 066 7183862

Dein teagmháil linn

An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie