Tionónta na Comhairle

Cíosanna
I láthair na huaire, íocann tionóntaí údaráis áitiúil cíos bunaithe ar Scéim Cíosanna Difréalacha. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an cíos iníoctha á ríomh mar chéatadán d’ioncam inmheasúnaithe an phríomhshaothraí, mar aon le ranníocaíocht ó aon fho-shaothraithe sa teaghlach.

Ón mbliain 1986 tá údaráis tithíochta freagrach as glacadh lena scéim cíosa féin. Dá réir sin, tá cíosanna difriúla le n-íoc ag údaráis éagsúla.

Tá cíosanna bunaithe ag Údaráis Áitiúla de réir roinnt treoirphrionsabal:

  • A bheith bunaithe ar phrionsabal na gcíosanna difreálacha agus cumas teaghlaigh iad a íoc
  • Paraiméadair náisiúnta a bhunú nach mór d’údaráis áitiúla feidhmiú dá réir.
  • A cheangal gur feidhm fhorchoimeádta é bunú na scéime cíosanna
  • Foráil a dhéanamh le haghaidh bunchíos íosta a bheidh le muirearú bunaithe ar chomhdhéanamh teaghlaigh, mar aon le méid breise atá le muirearú, sa chás go sáraíonn an glan-ioncam teaghlaigh tairseach áirithe.
  • Liosta náisiúnta caighdeánach maidir le gach ioncam inríofa (ioncam inríofa) agus ioncam neamh-inríofa (neamhairde ioncaim) chun críche cíos a ríomh.

Sonraí teagmhála do Rannóg Cíosa Chomhairle Contae Chiarraí:

Teil: 066 7183809 / 066 7183572
Ríomhphost: Housing@kerrycoco.ie

Lámhleabhar an Tionónta

Dein teagmháil linn

An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie