Seirbhísí don Lucht Siúil
Ceanglaíonn Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998 ar Chomhairle Contae Chiarraí Clár Lóistín don Lucht Siúil a ullmhú agus glacadh leis le haghaidh na tréimhse idir an 1 Iúil 2019 agus an 30 Meitheamh 2024.
Is é aidhm an chláir seo measúnú a dhéanamh ar riachtanais lóistín reatha agus tuartha teaghlach den Lucht Siúil i gContae Chiarraí i rith na tréimhse seo agus cur síos a dhéanamh ar thograí sonracha lena chinntiú go gcomhlíontar an riachtanas seo. Tabharfaidh an clár seo aird ar an reachtaíocht ábhartha ar fad.
Clár Lóistín don Lucht Siúil 2019-2024
Coiste Comhairleach Lóistín Áitiúil don Lucht Siúil
Ceanglaíonn Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998 ar gach Údarás Áitiúil Coiste Comhairleach Lóistín Áitiúil don Lucht Siúil a cheapadh. Páirteach sa choiste seo tá ionadaithe tofa, oifigigh ó Roinn Tithíochta na Comhairle agus ionadaithe ó Phobal an Lucht Siúil mar aon le daoine atá fostaithe ag gníomhaireachtaí éagsúla chun ionadaíocht a dhéanamh ar riachtanais Phobal an Lucht Siúil.
Seo a leanas feidhm an Choiste arna cinneadh ag an Acht:
- Comhairle a thabhairt maidir le hullmhú agus cur chun feidhme an Chláir Lóistín don Lucht Siúil
- Comhairle a thabhairt maidir le lóistín don Lucht Siúil a bhainistiú
- Pointe idirchaidrimh a sholáthar idir an Lucht Siúil agus baill agus oifigigh den údarás ceapacháin
Páirteach i bhfoireann Chomhairle Contae Chiarraí tá Oifigeach Idirchaidrimh don Lucht Siúil agus Oifiegach Tithíochta don Lucht Siúil go Sonrach arb iad na róil atá acu déileáil leis na fadhbanna sonracha a bhíonn ag an Lucht Siúil, cóiríocht san áireamh.
Má tá aon cheist agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Roinn Tithíochta Chomhairle Contae Chiarraí ag an uimhir 066 7183862
Dein teagmháil linn
An Rannóg Tithíochta,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Tithíiochachta Ph Ext
r-phost: housing@kerrycoco.ie