Ag Fanacht agus ag Ithe i gCiarraí

Ó bheith ar muin na muice in óstán 5* go dtí an chraic a bhaineann le bheith ag campáil faoi na réalta, pé slí a roghnaíonn tú chun do scíth a ligint tar éis lá ag baint sult as ár gcontae, tá rogha lóistín atáoiriúnach duitse agus dod’ bhuiséad. Ó óstáin agus spánna de chaighdeán domhanda, go hóstáin chairdiúla le linn snámha agus imeachtaí don gclann ar fad, go B&Banna agus tithe lóistín mar a gcuirfidh na húinéirí fáilte romhaibh isteach ina mbaile féin, is a thabharfaidh comhairle duit faoi na rudaí is fiú a fheiscint is a dhéanamh ina gceantar, go páirceanna carabháin agus campála mar a dtitfidh tú id chodladh le suantraí na dtonnta ag teacht chun tráigh, tá gach saghas clúdaithe ag Ciarraí!  www.kerrygems.com,  www.gokerry.ie,  www.discoverireland.ie

Tá roinnt de na hábhair bia is fearr ar domhan le fáil i gCiarraí, agus iad ullmhaithe go foirfe – díreach ag fanacht chun gliondara a chur ar do theanga. Tá fluirse d’iasc úr iontach, mairteoil agus caoireoil den chaighdeá is airde, sicín agus uibhneacha orgánacha, charcuterie agus cáiseanna lámhdéanta, agus a lán eile nach iad. Scaoil le do ghoile!  www.tastekerry.iewww.rai.ie

 

Nó is féidir roinnt bhianna áitiúla a cheannach ag margadh feirme, áit go mbeidh deis agat é a bhlaiseadh agus go mbuailfidh tú leis an té a dhein é sara gceannaíonn tú aon rud. Tabhair cuairt ar www.bordbia.ie

Déan Teagmháil

Roinn Turasóireacht
Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
An Ráth Teas,
Trá Lí, Co. Chiarraí,
Fón: 066 7183642
R-Phost Turasóireachta