Bróisiúir

Bróisiúr Ríocht Chiarraí
Is áit é Ciarraí nár mhór do gach turasóir cuairt a thabhairt air de bharr a dhúlra neamh-mhillte, taobh tíre fíor-álainn agus cultúr saibhir ar leith. Tá cuid de na tírdhreacha is íocónaí in Éirinn ann, ina measc Cill Airne lena locha clúiteacha, taobh tíre taibhsiúil Chorca Dhuibhne, Uíbh Ráthaigh agus Béara gus tránna fada gainimhe, agus iad ar fad lonnaithe ar an sciar is faide de bhealach camchuairte Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá Ciarraí aitheanta as a fháilte chroíúil agus is ann a fhaigheann cuairteoirí fearadh na fáilte, go fíor. Tá traidisiún cultúrtha fad-bhunaithe sa réigiún a chothaíonn ceol, rince, litríocht, ealaín agus ceardaíocht Gaelach, chomh maith leis an nGaeilge. Tá an contae ina taisce seoda de suíomhanna agus séadchomharthaí stairiúla agus réamhstairiúla, ina measc Suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO Sceilg Mhíchíl. Lé bia agus deoch d’ardchaighdeán atá déanta ag ceardaithe bia áitiúla, réimse leathan de roghanna lóistín, eachtraíochta agus gníomhaíochta le rud éigin oiriúnach do gach éinne, is é Ciarraí d’Éalú Nádúrtha.

Bróisiúr Ríocht Chiarraí – leagan Síneach

Bróisiúr Páirceanna, Gairdíní agus Coillte Chiarraí
Tá bróisiúr nua foisithe ag Comhairle Contae Chiarraí a déanann páirceanna, gáirdíní agus coillte an chontae a chur chun cinn. Tarraingíonn an treoirleabhar nua aird ar an méid atá á thairiscint ag na háiseanna siúd agus cuirfidh sé le lmeallacacht an chontae do chuairteoirí go bhfuil spéis acu in éiceolaíocht, bithéagsúlacht, gnáthóga dúlra agus cosáin siúil. Seoladh an bróisiúr ag an Aire Stáit Brendan Griffin TD agus Cathaoirleach Comhairle Contae Chiarraí an Comhairleoir Niall Kelliher ag Tigh agsu Gairdíní Chill Airne, atá ar cheann de na háiseanna go bhfuil cur síos fúthu sa bhróisiúr nua.

Bróisiúr Páirceanna, Gairdíní agus Coillte Chiarraí

Treoirleabhar Shlí Chiarraí Thuaidh
Le déanaí do sheol Aonad Turasóireachta Chomhairle Contae Chiarraí, i gcomhpháirt le Coiste Shlí Chiarraí Thuaidh agus le tacaíocht ón Scéim Bonneagar do Chaithimh Aimsire Faoin Aer, ‘Treoirleabhar Shlí Chiarraí Thuaidh’. Is ceann de chosáin fhadraoin na hÉireann, agus í breis agus 48km ar fhad, agus tá an treoirleabhar seo scríofa le bheith ina compánach ar an tsiúlóid – ag deimhniú na slí ceart chun cinn agus ag tarraingt aird ar áiteanna suimiúla. Tosnaíonn an slí i dTrá Lí agus críochnaíonn sí i mBaile Uí Thaidhg. Is féidir an slí ar fad a shiúil i ndá lá, ach is féidir leis í a roinnt ina codanna níos giorra. Beidh an treoirleabhar seo ar fáil, saor in aisce, ó Oifigí Turasóireachta agus Ionaid Chuairteora ar fud an chontae, nó tá leagan ar-líne le fáil ag www.kerryyournaturalescape.ie​/

North Kerry Way Walking Brochure

Bróisiúr Gníomhaíochta Contae Chiarraí
Is é atá i mBróisiúr Gníomhaíochta Contae Chiarraí ná treoirleabhar cuimsitheach atá fuirist le húsáid ar na gníomhaíochtaí iomadúla fairsinge atá ar fáil ar fud an chontae. Ba é Aonad Turasóireachta Comhairle Contae Chiarraí, i dteannta soláthraithe gníomhaíochtaí, pobail áitiúla, grúpaí is coistí forbartha, a dhear is a d’fhoilsigh an treoirleabhar seo, le tacaíocht ón Scéim Bonneagar do Chaithimh Aimsire Faoin Aer 2017. Tá an bróisiúr roinnte ina codanna éagsúla, ina measc galf, iascaireacht, surfáil, siúil, sléibhteoireacht, rothaíocht, ealaín, ceardaíocht, eachtraíocht, gairdíní, spóirt uisce agus marcaíocht chapaill, le liosta de shonraí teagmhála níos mó ná 300 gnó.

Bróisiúr Gníomhaíochta Contae Chiarraí

Bróisiúr Gníomhaíochta Contae Chiarraí – Leagan Fraincíse

Bróisiúr Gníomhaíochta Contae Chiarraí – leagan Gearmáinise

Bróisiúr Gníomhaíochta Contae Chiarraí, blaisín do na meáin shóisialta.mp4

 

Déan Teagmháil

Roinn Turasóireacht
Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
An Ráth Teas,
Trá Lí, Co. Chiarraí,
Fón: 066 7183642
R-Phost Turasóireachta