Bain Sult as Bailte agus Sráidbhailte

I mbaile Thrá Lí geobhair réimse leathan de lóistín, bialanna, siúlóidí, foirgnimh stairiúla agus áiseanna turasóireachta uile-aimsire leithéidí Músaem Chontae Chiarraí, an Aqua Dome, Ionad Réigiúnda Spóirt agus Scíthe Thrá Lí, Ionad Bogach Thrá Lí agus ár n-Amharclann Náisiúnta Tíre, Siamsa Tíre, gan dearúd a dhéanamh ar Rós Thrá Lí, ceann de na féilte idirnáisiúnta is fada ag rith ar domhan.

www.tralee.ie  agus www.roseoftralee.iewww.traleesportscomplex.ie

Nó tóg marcaíocht timpeall ar Chill Airne álainn i gcairt chapaill, áit go bhfuil taobh tíre agus fáilte iontach ag fanacht ort. Tabhair cuairt ar Mhainistir Mhuc Rois, Tigh Mhuc Rois, Caisleán an Rois, Eas an Toirc, agus Oileán Inis Faithleann, nó glac páirt i gceann de na gníomhaíochtaí atá ar fáil ann ar nós gailf, iascaireachta agus rothaíóchta.

www.killarney.ie,  www.killarneynationalpark.iewww.destinationkillarney.ie

Tá baile breá Lios Tuathail lán go barra le stair, oidhreacht, scéalaithe agus scríbhneoirí. Tóg siúlóid tríd an mBaile Oidhreachta seo, ag críochnú suas i dtabhairne cáiliúil John B. Keane. Ba cheart do gach duine gur mhaith leo na leabhair nó a bheith ag scríobh turas a thabhairt ar an mbaile le linn Seachtain na Scríbhneoirí, nuair a chuirtear ceardlanna i ngach saghas scríbhneoireachta, ó chumadh amhrán go heachtrú gearrscéalta ar fáil.

www.listowel.iewww.writersweek.iewww.listowelfoodfair.ie

I mBaile an Bhuinneánaigh, baile beag álainn cois cósta, tá caisleáin, galf-chúrsaí de chaighdeán domhanda, failltreacha maorga, tránna gainimh, siúlóidí faille agus féilte, anuas ar fháilte chroíúil áitiúil romhat.

www.ballybunion.ie

Sa Daingean geobhair bialanna, caiféanna, siopaí leabhar seanfhaiseanta, muiríne gnóthach, siopaí bronntanas, gailearaithe ealaíne, fuinneoga de ghloine dhaite, ziplínte, fallaí dreapadóireachta agus turasanna amach chun Fungie an deilf chairdiúil áitiúil a fheiscint.

www.dingle-peninsula.ie

Tabhair cuairt ar An Neidín, an t-aon bhaile pleanáilte i gCiarraí, párthas do dhaoine ar mhaith leo bia agus béilte maithe, le réimse éagsúil de bhialanna, caiféanna agus margaí feirme a dhíolann tairgí fíorbhlasta déanta ag ceardaithe bia áitiúla, ag cur an fód mullaigh ar do bhéile le seacláidí áitiúla lámhdhéanta.

www.kenmare.ie

Déan Teagmháil

Roinn Turasóireacht
Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
An Ráth Teas,
Trá Lí, Co. Chiarraí,
Fón: 066 7183642
R-Phost Turasóireachta