Bain Sult as na Réalta

Tá Tearmann Spéir Dorcha Idirnáisiúnta Chiarraí ainmnithe mar an gcéad Tearmann Idirnáisiúnta Spéartha Dorcha in Éirinn agus tá sé ar cheann de thrí  Thearmann de Chaighdeán Óir sa leath thuaidh den domhan. Is é an t-aon tearmann dá shórt ar dhomhan ina bhfuil na daoine áitiúla ina gcónaí is ag obair sa tearmann faoi bhrat réalta!

Tá na ceantracha seo i gCiarraí Theas ina gcuid den tearmann: Na Cealla, Cathair Saidhbhín, An Caladh, Dairbhre, An Ghleann – Bá Fhionáin, Baile na Scealg, An Coireán, Cathair Dónaill, agus An Dromad.

Tabhair cuairt ar an réigiún seo de Chiarraí chun radharcanna iontacha a fháil de Bhealach na Bó Finne, Réaltra Andraiméide, réaltbhraislí agus réaltnéalta, agus mórán eile nach iad… Bain sult as taobh dorcha Chiarraí!

Cliceáil ar  www.kerrydarksky.com i gcomhair tuilleadh faoin tearmann, an réigiún agus faoi réaltóireacht.

Reachtáladh Star Power ag Coláiste na Sceilge , Cathair Saidhbhín ar Shatharn 28 Mí na Samhna 2015. Bhí tinreamh an-mhaith ar an imeacht seo. Ba chéim tosaigh é ar an mbealach chun forbairt iomlán a dhéanamh ar  Thearmann Idirnáisiúnta Spéartha Dorcha Chiarraí Theas. Tá nascanna go dtí na cainteanna spéisiúla a tugadh ann thíos ag aoi-chainteoirí. Tá Comhairle Contae Chiarraí, Fóram Cheann Scríbe Chiarraí agus Fáilte Éireann tiománta le bheith ag obair leis an bpobal áitiúil i gCiarraí Theas chun Straitéis a ullmhú don tearmann.

Cainteanna:

Nó más fearr leat Réalta Scannáin a fheiscint! Tá tírdhreach maorga, fáilte croíúil agus traidisiún fada turasóireachta Chiarraí tar éis lucht déanta scannán a mhealladh ó ar fud an domhain.  Níl Ryans Daughter agus Far and Away – (An Daingean); The Playboy of the Western World (Trá na hInse) agus Star Wars eagrán 7 le míreanna a taifeadadh ar Sceilg Mhíchíl; Harry Potter & the Half Blood Prince le míreanna a taifeadadh ar Charraig Lomáin amach ó Chiarraí Theas, ach ina gcuid de na scannáin ina bhfuil tírdhreach álainn Chiarraí le feiscint ag lucht féachana na bpictiúrlann ar fud an domhain.

www.dinglefilmfestival.comwww.kerryfilm.ie,  www.kerryfilmfestival.com

Déan Teagmháil

Roinn Turasóireacht
Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
An Ráth Teas,
Trá Lí, Co. Chiarraí,
Fón: 066 7183642
R-Phost Turasóireachta