Ag Taisteal go Ciarraí

Is contae cois cósta ag ceann thiar theas na hÉireann í Ciarraí, buailte leis an Áigéan Atlantaigh ar a taobh thiar agus theas, Inbhear na Sionainne ar ataobh thuaidh agus Contae Corcaigh ar a toabh thoir.

AG EITILT ANN
Tá Aerfort Chiarraí suite díreach lasmuigh de shráidbhaile an Fhearainn Fhuair atá leathslí idir Trá Lí agus Cill Airne. Chun eitilt go Ciarraí a phleanáil agus a chur in áirithe, tabhair cuairt ar www.kerryairport.ie

AG TEACHT AR AN TRAEIN:
Tá stáisiúin traenach ag Cill Airne, Trá Lí, An Fearann Fuar agus An Ráth Mhór. D’amchláir agus léarscáileanna de na bealaí féach www.irishrail.ie

AR AN MBUS:
Tabhair cuairt ar www.buseireann.iewww.locallinkkerry.ie chun do thuras a phleanáil agus chun amchláir a sheiceáil do sheirbhísí bhus phoiblí go, agus laistigh de, Chiarraí

LE CARR:
Ó Bhaile Átha Cliath – ar an M7 agus an N21
Ón nGaillimh agus Luimneach – ar an N21
Ó Chorcaigh – ar an N22
Ó Chalafort Ros Láir – ar an N25

AR BHÁD FARANTÓIREACHTA:
Taisteal go Ciarraí ón gClár ar an mbád farantóireachta agus má bhíonn an t-ádh leat seans fiú go bhfeicfidh tú roinnt de na deilfeanna spraoiúla a chónaíonn san inbhear.
Tabhair cuairt ar www.shannonferries.com don sceideal agus amchlár.

Déan Teagmháil

Roinn Turasóireacht
Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
An Ráth Teas,
Trá Lí, Co. Chiarraí,
Fón: 066 7183642
R-Phost Turasóireachta