Bain Sult as Oidhreacht Thógtha, Seandálaíocht agus Ailtireacht

Tá Ciarraí ainmnithe do mhuintir treabh Ciar. Tá daoine ag tabhairt cuairt ar Chiarraí le breis agus 7,000 bliain agus tá a rian fágtha ag na daoine luaithe seo ar an taobh tíre garbh ar fud an chontae. Más ag iarraidh bheith ag taiscéalaíocht sna cnoic, ag teacht ar séadchomharthaí adhlactha agus deasgnácha ón Neoiliteach agus an Cré-Umha Aois, nó ag tógaint turas níos réchúisí siar in am go dtí mainistreacha agus caisleáin Mheánaoiseacha ar an talamh íseal, tá turas taiscéalaíochta ann atá oiriúnach do chách.

Tá codanna de leithinsí Uíbh Ráthach agus Béara atá beagnach gan aon rian daonna ann ón Neoiliteach agus Cré-Umha Aois anall, tráthanna ar thóg ár sinsir cairn mhóra in onóir na marbh, agus gur tógadh línte agus ciorcail ghallán chun gluaiseachtaí na gréine agus na gealaí a mharcáil. Tá leithinis Chorca Dhuibhne breac le suíomhanna beaga luathChríostaí agus dísirt díthreabhaigh mar a bhíodh manaigh luatha ag lorg dídine ón saol ábharach agus iad ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le Dia; agus tá Ciarraí Thuaidh, lena mánna droimneacha, liosanna, caisleáin agus mainistreacha ina séadchomhartha ar stair Mheánaoiseach an chontae.

Séipéilín Ghallarais

Cathair na Stéige

Is féidir le cuairteoirí bheith ag déanamh iontais den mhainistir ar Sceilg Mhíchíl, átribh Méisiliteacha ag Cuan an Chaoil ar Chorca Dhuibhne, an dún cloiche ag Cathair na Stéige in aice Chathair Saidhbhín, na dúta cinn tíre ag Cathair Chonraoi ag An Com agus Dún an Óir in Ard na Caithne, Séipéilín Ghallarais in aice Bhaile an Fheirtéaraigh, agus Cloigtheach na Rátha Thuaidh ar an mBaile Dubh i ngiorracht do Lios Tuathail. Níl sa mhéid sin ach blaiseadh de sheandachtaí ár staire ar fiú turas a thabhairt orthu.

Cliceáil ar:  www.irisharchaeology.ie,  www.museum.ie,  www.kerrygems.com,  www.gokerry.ie,  www.kerrymuseum.ie

Is contae é Ciarraí atá ar maos i saibhreas oidhreacht ailtireachta a ritheann thar na céadta, agus tá an oidhreacht seo ina scáthán ar shaol, slite beatha agus cultúr a dhaoine. Tá Ciarraí suntasach de bharr an oireadh foirgintí i stíleanna dúchasacha a mhaireann ann fós. Tá samplaí iomadúla de stíleanna éagsúla ailtireachta ar fáil ar fud an chontae – droichid, stásiúin traenach ón 19ú céad, ailtireacht bhaile, idir mhór agus bheag, séipéil, scoileanna, tithe móra na n-uaisle, muileann gaoithe, tigíní ceann tuí, tithe cúirte, foirgintí móra tráchtálacha agus a thuilleadh eile nach iad.

Tigh Collis Sandes, Trá Lí

Sean-bhearaic an RIC i gCathair Saidhbhín

I measc na n-áiteanna gur fiú turas a thabhairt orthu I gCiarraí ar mhaithe a n-ailtireachta, tá Tigh Mhuc Rois agus a Thigh Geata, agus Lóiste na Dianaí, CillAirne, Ardeaglais Ard Fhearta, Sean-bhearaic an RIC i gCathair Saidhbhín (atá anois ina Ionad Oidhreachta), Séipéil ar nós Séipéil Naomh Eoin sa Daingean mar is féidir na fuinneoga gloine daite déanta ag Harry Clarke a fheiscint, Séipéal San Shéamais Cill Orglan, agus Séipéal Naomh Eoin, Lios Tuathail. Chun níos mó a fhoghlaim faoi ailtireacht Chiarraí cliceáil ar www.buildingsofireland.ie

Déan Teagmháil

Roinn Turasóireacht
Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
An Ráth Teas,
Trá Lí, Co. Chiarraí,
Fón: 066 7183642
R-Phost Turasóireachta