Tionscadail Turasóireachta

Leag Plean Straitéis agus Gníomhaíocht Turasóireachta Chontae Chiarraí amach na tosaíochtaí agus pleananna infheistíochta don turasóireacht sa chaontae i rith na tréimhse 2016 – 2022. Tá 273 Gníomhaíocht gearr-, meán- agus fad-téarmach ina gcuid de seo agus iad rangaithe faoi sheacht bpríomhréimse: Bonneagar; Eachtraíocht; Timpeallacht; Oidhreacht Nádúrtha agus Chultúrtha; Turasóireacht Phobail; Imeachtaí agus Féilte; Oideachas; Fiontar agus Nuálaíocht; Brandáil agus Margaíocht. Tá na gníomhaíochtaí seo dúshlánach, ábhartha agus dírithe ar freagairt do na bagairtí, dúshláin agus deiseanna reatha a bhaineann le réimse na turasóireachta i gCiarraí. Tá inmharthanacht agus páirtíocht ag croílár na Straitéise agus tá na grúpaí éagsúla a bhí páirteach in ullmhú na Straitéise ag cabhrú lena cur i bhfeidhm. Tá soláthar na nGníomhaíochtaí seo ag brath ar acmhainní airgeadais agus idir comhoibriú agus páirtíocht leanúnach na bpríomh-phairtnéirí, áisíneachtaí stáit, comhlachtaí forbartha agus pobal áitiúil.

Ag seo thíos tá díreach roinnt de na tionscnaimh agus tionscadail atá á fhorbairt is á gcur chun cinn ag an Aonad Turasóireachta.

Slí an Atlantaigh Fhiáin
Tá obair ag dul ar aghaidh i gcónaí i gcomhpháirt le Fáilte Éireann chun feabhas a chur ar áiseanna cuairteora ag an bPointe Fionnachtana de chuid Shlí an Atlantaigh Fhiain ag Ceann Bhreagha, Dairbhre. Cuireadh iarratas isteach leis An Bord Pleanála i Lunasa 2020 d’oibriúcháin chun daingniú agus caomhnú a dhéanamh ar fhoirgneamh an túir chomhartha atá ann agus chun ardán amhairc nua a chur ar an díon, ardán óna bheidh radharcanna iontacha de na Sceilg agus an taobh tíre máguaird. Beidh limistéir amhairc oscailte do chách ag leibhéal na talún, áit a ndéanfar an sean-fhalla teorainn a chur ar ais ina áit.


Ceann Bhreagha, Dairbhre

 

D’éirigh le Trá Lí tacaíocht daotais a fháil ó Fáilte Éireann faoi Chlár na mBailte mar Cheann Scríbe, agus le Cill Airne faoi scéim Bailte Tairsigh Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Tá Pleananna Forbartha Eispéireas Cuairteora críochnaithe do Chorca Dhuibhne agus ceantar na dTrí Leithinis/An Neidín, agus tá obair tosnaithe ar Phlean Faille agus Cósta a bheidh Ciarraí Thuaidh agus Iarthar an Chláir araon ina gcuid de.

Tionscadal Cábla Tras-Atlantach Dhairbhre
Leanann dul chun cinn Thionscadal Cábla Tras-Atlantach Dhairbhre i dtreo cuspóir dheiridh stádas Oidhreacht Dhomhanda UNESCO a bhaint amach. Is próiseas fada é seo agus d’fhéadfaidh go mbeidh tamall maith de bhlianta i gceist. An chéad chéim ná áit a bhaint amach ar Liosta Féideartha na hÉireann a bheidh á chríóchnú faoi Earrach 2021. Táthar dóchasach go dtosnófar obair ar chaomhnú Stáisiún Cábla Dhairbhre le linn 2021 le tacaíocht airgid ó Chiste Forbartha Athnuachain na Tuaithe. Tá Fáilte Éireann tar éis tacaíocht deontais a cheadú do Mhúsaem Cábla ag leibhéal na talún, chomh maith le mol nuálaíochta a fhostóidh suas le 50 duine ag leibhéal an chéad úrláir. Roghnaigh Comhairle Contae Chiarraí agus an Roinn Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe an Stáisiún Cábla mar cheann de na céad Pointí Ceangail Leathanbhanda (PCL) le bheith curtha i bhfeidhm faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda

Tá an Comhairle ag obair go dlúth i gcomhpháirt leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, a dhéanann bainistiú ar phróiseas UNESCO in Éirinn, an Roinn Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe, Comhlacht Forbartha Dairbhre, Fondúireacht Cábla tras-Atlantach Dhairbhre, agus Rialtas Talamh an Éisc/Labrador i gCeanada, chomh maith le grúpaí náisiúnta agus idirnáisiúnta eile chun na critéir dhochta a bhaineann le stádas Oidhreacht Dhomhanda a bhaint amach.

Ciarraí: Éalú Nádúrtha
Leanann an Aonad Turasóireachta ag cur chun cinn branda turasóireachta Ciarraí: Éalú Nádúrtha ag ár bpáirtithe leasmhara éagsúla mar chuid lárnach dá mbolscaireacht tráchtála. Is é atá sa bhranda seo ná dearbhú ar an eispéireas ar leith atá ar fáil dóibh siúd a thugann cuairt ar Chiarraí agus is mór-dhifreálaí iomaíoch é.

Margaíocht Turasóireachta ar Chiarraí Thar Lear agus Ag a Baile

Le linn 2020 bhí Comhairle Contae Chiarraí ag obair go dlúth le Cónaidhm Tionscal Turasóireachta Chiarraí ar roinnt tionscnaimh chun Ciarraí a chur chun cinn sa mhargadh baile. Ina measc siúd bhí forbairt an suíomh gréasáin www.discoverkerry.com, chomh maith leis an bhfeachtas ‘Explore the Kingdom and it’s Greatness’, agus Lá Turasóireachta Chiarraí.

Déanann Comhairle Contae Chiarraí, i gcomhpháirt lenár bpairtnéirí agus páirtithe leasmhara turasóireachta, an contae a chur chun cinn ag seónna éagsúla laistigh d’Éirinn agus thar lear. Tá SMT Stuttgart ar an taispeántas poiblí is mó san Eoraip maidir le turasóireacht agus caitheamh aimsire. I 2020 bhí sé ar siúl ó 11 go 19 Eanáir le breis agus 260,000 cuairteoir agus níos mó ná 2,600 seastán. Scaipeadh léarscáil sonrach de shuíomhanna agus acmhainní turasóireachta Chiarraí go forleathan ag an imeacht, anuas ar leagain Ghearmáinise de bhrósiúr Chiarraí agus Bróisiúr Gníomhaíochtaí Chontae Chiarraí. Chabhraigh deiseanna líonraithe chun caidreamh atá ann cheana féin a neartú agus cruthaíodh roinnt teagmhálaithe nua inár margadh Gearmánach atá ag fás i gcónaí.


CMT Stuttgart

Bhí seastán Chiarraí, eagraithe ag Comhairle Contae Chiarraí i gcomhpháírt le Fóram Turasóireachta Chiarraí mar Cheann Scríbe agus an earnáil turasóireachta sa chontae, mar chuid den Holiday World Show i mBéal Feirste ón 17 go dtí an 19 Eanáir. Leis na mílte daoine ag freastal air, ba dheis iontach an seó seo chun léiriú a dhéanamh ar an gcontae mar an gceann scríbe turasóireachta is mó in Éirinn.

Chomh-ordaigh Comhairle Contae Chiarraí taispeántas mór ar Chiarraí ag an  Holiday World Show ag an RDS i mBaile Átha Cliath idir 24 agus 26 Eanáir 2020. Le breis agus 50,000 cuarteoir, is é an seó seo an taispeántas bliantúil is mó agus is mó freastal in Éirinn agus ba dheis iontach é chun earnáil turasóireachta an chontae a chur chun cinn agus margaíocht a dhéanamh ar Chiarraí. Bhí ionadaíocht ó gach ceantar sa chontae i láthair ag taispeántas Chiarraí ann agus chuir roinnt soláthraithe turasóireachta tairiscintí agus promóisin speisialta ar fáil do chuairteoirí ar an seastán.


Holiday World Show Baile Átha Cliath

Ciarraí: Ceann Scríbe Sábháilte
I Mí an Mheithimh agus earnálacha turasóireachta agus fáiltithe an chontae ag ullmhú le hathoscailt, sheol Comhairle Contae Chiarraí, Bord Oiliúna agus Traenála Chiarraí, Craobh Chiarraí de Chónaidhm Óstán Éireann, agus Cónaidhm Tionscal Turasóireachta Chiarraí an clár Ciarraí: Ceann Scríbe Sábháilte. Baineann an clár le traenáil na mílte baill foirne sna tionscail fáiltithe agus miondíola timpeall ar dheachleachtas maidir le prótacail ghlantacháin, rud a chuirfidh ár gcuairteoirí ar a suaimhneas.  Ba é BOTC a chuir an sainthraenáil seo, a chomhlíonann an caighdeán idirnáisiúnta is airde, i dtoll a chéile agus bhí módúil ar ghlaine, sláinteachas agus cumarsáid custaiméire ina gcuid de. A luaithe is a bhíonn an traenáil seo críochnaithe ag baill foirne is féidir leis an gnó suaitheantas Ceann Scríbe Sábháilte a chur in airde. Tá níos mó ná 3,000 ball foirne tar éis páirt a ghlacadh sa thraenáil seo atá fós ar siúl agus a chabhróidh le Ciarraí chun seasamh amach mar cheann scríbe atá sábháilte agus tarraingteach do chuairteoirí agus daoine áitiúla araon.


Seoladh Ciarraí: Ceann Scríbe Sábháilte

Féilte agus Imeachtaí
The Tourism Strategy & Action Plan 2016 – 2022 recognises the importance of events and festivals to Kerry tourism.  They are an integral part of our tourism offering and afford an opportunity for local people to attract increased visitors and revenue into their community.  Community Groups, Chambers and Tourism Alliances around the county make a great contribution to Kerry tourism by organising festivals and events that showcase culture, people and places.

Aithníonn Plean Straitéise agus Gníomhaíochta Turasóireachta 2016 – 2022 an tábhacht a bhaineann le himeachtaí agus féilte do thurasóireacht Chiarraí. Is dlúthchuid d’ár bpacáiste turasóireachta iad agus cuireann siad deis ar fáil do dhaoine áitiúla chun breis cuairteoirí agus breis airgid a mhealladh isteach ina bpobal. Cuireann Grúpaí Pobail, Cumainn Tráchtála agus Comhaontais Turasóireachta ar fud an chontae go mór le turasóireacht Chiarraí trí fhéilte agus imeachtaí a eagrú a thugann stáitse do chultúr, daoine agus ceantair Chiarraí.

Tacaíonn Clár na bhFéilte agus na n-Imeachtaí Rannpháirtíocha le féilte agus imeachtaí rannpháirtíocha a chuirfidh leis an éileamh ar turasóireacht bhaile agus a chabhraíonn chun feabhas a chur ar eispéireas cuarteoirí i gCiarraí. Tá riaradh an chláir seo faoi chúram Aonad Turasóireachta Chomhairle Contae Chiarraí thar cheann Fáilte Éireann. Chun a a bheith incháílithe do mhaoiniú is gá d’fhéile/imeacht caiteachas de €10,000 ar a laghad a léiriú agus faigheann níos mó ná 30 féile/imeacht tacaíocht faoin gclár gach bliain. Tá na srianta bainteach le Cóibhid 19 i mbliana tar éis lomscrios a dhéanamh ar sceideal bliantúil na bhféilte is na n-imeachtaí, leis an gcuid is mó acu curtha ar ceal, ach le cuid acu ag dul ar aghaidh ar an idirlíon. Le linn 2021 leanfaidh Comhairle Contae Chiarraí ar aghaidh ag tacú le pobail áitiúla a eagraíonn féilte agus imeachtaí nuair, agus má, cheadaítear seo ag Treoirlínte an Rialtais.

Scéim Bonneagair Caitheamh Aimsire faoin Aer
Is scéim bhliantúil í an Scéim Bonneagair Caitheamh Aimsire faoin Aer de chuid an Roinn Talmhaíochta agus Forbairt Tuaithe a dhéanann infheistíocht i mbonneagar fisiciúil d’imeachtaí agus gníomhaíochtaí spóirt agus caitheamh aimsire, bunaithe ar úsáid hacmhainní na tuaithe. Déanann an tAonad Turasóireachta comhordú ar chur isteach imeachtaí ó thionscadail oiriúnacha a chuirfidh le stíleanna beatha sláintiúla fad is a gcuirtear le féidearthachtaí eacnamaíocha agus turasóireachta an chontae. Sa tslí seo téann siad chun tairbhe pobal áitiúil agus cuairteoirí araon. I measc na tionscadail a fuair tacaíocht faoin scéim seo go dtí seo bhí Slí Taitneamhacht Bhá Thrá Lí; uas ghrádú ar Bhealach an Starraicín; áiseanna cathaoir rotha trá ag roinnt tránna; Sean-Bhóthar Ime na Rátha Móire; limistéar taitneamhacht Bheirtreach na Snaidhme; Clárchosán agus áiseanna ceatha na hInse; oinriúcháin uasghrádaithe ar Shlí Chorca Dhuibhne; racaí rothar i gCill Airne; Slí Oidhreachta Bhaile an Mhuilinn; agus forbairt taitneamhacht timpeall ar Loch Cárthaí.


Cathaoir Rotha Trá, Trá Bhaile an Sceilg

Turasóireacht Inrochtana
Príomhaidhm de chuid Plean Straitéise agus Gníomhaíochta Turasóireachta Chontae Chiarraí 2016-2022 ná margaíocht a dhéanamh ar thurasóireacht inrochtana mar chuid thábhachtach den chontae mar cheann scríbe inmharthanach. Is é atá i gceist le turasóireacht inrochtana ná timpeallachtaí, ionaid agus seirbhísí a fhorbairt atá oiriúnach agus inshroichte don réimse is leathana custaiméirí, le seanóirí, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas san áireamh. Lean obair ar aghaidh le linn 2020 ar bhaile Chill Airne mar cheann scríbe turasóireachta inrochtana. Tá grúpa stiúrtha áitiúil bunaithe, agus é ag obair go dlúth le Fáilte Éireann agus Cumann Tráchtála agus Turasóireachta Chill Airne. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag a lán gnólachtaí príobháideacha i gCill Airne, go háirithe san éarnáil lóistín. Tá sé mar phríomhaidhm ag Plean nua Forbairt Turasóireachta Bhaile an Bhuinneánaigh 2020, comhthionscnamh de chuid Comhairle Contae Chiarraí agus Fáilte Éireann, go ndéanfar forbairt ar Bhaile an Bhuinneánaigh mar an chéad baile turasóireachta cois cósta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a bheidh inrochtana do chách. Chun seo a bhaint amach beidh gá le hoibriúcháin chun go mbeidh rochtain do chách ar na tránna agus ar an mbealach siúlóide cois faille, rud a thabharfaidh gné uathúil dhíolacháin don mbaile i margaí na hÉireann agus thar lear araon.

Clár na nAmbasadóirí Turasóireachta
Is é atá i gceist le Clár na nAmbasadóirí Turasóireachta ná tionscnamh forbartha ag Aonad Turasóireachta Chomhairle Contae Chiarraí i gcomhpháirt le hInstitiúd Teicneolaíochta Thrá Lí. Tugann an clár cuireadh do rannpháirtithe ó réimse leathan gnólachtaí agus eagrais turasóireachta i gceantar áirithe den chontae cúrsa a dhéanamh a chlúdaíonn achoimre den turasóireacht ina gceantar, luach agus tábhacht na turasóireachta don gceantar sin agus don gcontae, ag iarraidh a chuinntiú go bhfanann ár gcuairteoirí níos faide sa cheantar agus go bhfágann siad le cuimhní gile den áit. Is iad léachtóirí ó Roinn Óstaíochta, Bia agus Turasóireachta an IT a sholáthraíonn an cúrsa. Tar éis gur éirigh go geal leis an gcúrsa i gCiarraí Thuaidh agus Ciarraí Láir, táthar anois chun an cúrsa a chur ar fáil i gceantracha eile ar fud an chontae.

Tearmann Spéir Dorcha Chiarraí
Is margadh nideoige é an Réalt-turasóireacht atá ag fás go hidirnáisiúnta agus tá sé de chumas ag Ciarraí tairbhe a bhaint as seo a bhuíochas don Thearmann Spéir Dhorcha Idirnáisiúnta den Chéad Scoth atá againn in Uíbh Ráthach. Tacóidh Comhairle Contae Chiarraí le forbairt agus margaíocht an Tearmainn agus leanfaimid orainn ag éascú traenáil treoraithe réalteolaíochta i gcomhpháirt le CRI na Sceilge agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Tá an rannóg um Fhuinneamh Inmharthana tar éis tacaíocht SEAI agus TII a bhaint amach chun comh-mhaoiniú a dhéanamh ar iarfheistiú/malartú leanúnach ar ghnáthshoilse sráide go soilse a thagann le caighdeáin Spéir Dhorcha fad bóthair an N70 trí Chathair Saidhbhín.

Táthar ag déanamh measúnú faoi láthair ar iarratais ó phobail atá buailte leis an Tearmann Spéir Dhorcha – ó Dhroichead na Dóinne go Ros Beithe – go gcuirfí na ceantracha siúd leis an Tearmann.

Tá earcú Réadlann Shoghluaiste mar áis chomhroinnte laistigh den Tearmann Spéir Dhorcha fós mar phríomhchuspóir agus tá seo molta sa Straitéis Spéir Dhorcha nua náisiúnta de chuid Fáilte Éireann.

Tionscadal ‘LIVE’ an Aontais Eorpaigh
D’éirigh le Comhairle Contae Chiarraí, i gcomhpháirt le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Pairtnéireacht Forbartha Chiarraí Theas maoiniú de €2.67 milliún a bhaint amach faoin gClár Interreg Éireann-na Breataine Bige de chuid an Aontas Eorpaigh chun comhthionscadal le Cyngor Gwynedd agus Ollscoil Bangor, An Bhreatain Bheag chun clár oidhreachta nádúrtha trí bhliana a rith in Iarthar Uíbh Ráthaigh agus leithinis Llyn araon. Mar chuid den Clár ‘LIVE’ (Llyn Iveragh Eco Museums) beidh cruthú éicea-mhúsam (músaem faoin aer) a chuirfidh go mór le hoidhreacht chultúrtha an dá cheantar.

Is í Scoil Bhitheolaíochta, Domhaneolaíochta agus Eolaíocht an Chomhshaoil, COC atái gceannas ar an tionscadal seo, ag tabhairt le chéile foireann éagsúil le scileanna comhlántacha agus tiomantas chun pobail a chumasú chun margaíocht a dhéanamh ar a gcaipitéal nádúrtha agus cultúrtha mar bhealach turasóireacht inmharthana a fhorbairt ina gceantar. Tá bunús láidir faisnéise á chur le leis na tairgí turasóireachta ar ardchaighdeán seo.

Bealaí Glasa Choill Mhaonaigh – Lios Tuathail agus Trá Lí – An Fhianait
Cuirfidh forbairt bealaí glasa go mór le tairge turasóireachta Chiarraí agus cuirfidh sé timpeallacht shábháilte easbhóthair ar fáil do dhaoine áitiúla agus cuairteoirí araon mar a bheidh siad in annsult a bhaint as radharcanna iontacha tíre agus mara an cheantair. Cinntíodh maoiniú de €6.5 mhilliún d’forbairt na stráicí nua seo den bhealach glas a bheidh amach anseo ina gcuid de bhealach pleanálta 100km rothaíochta agus siúl a ceanglóidh Luimneach leis an Fhianait, ag dul trí Lios Tuathail agus Trá Lí ar an tslí. Tá tús curtha le hobair ar an stráice 10km idir Trá Lí agus an Fhianait le súil go n-osclófar an cuid idir an Spá agus an Fhianait in Earrach 2021. Táthar ag súil go gcríochnófar an píosa idir Coill Mhornaigh agus Lios Tuathail i rith 2021 chomh maith.

Faoi láthair tá an tAonad Turasóireachta ag forbairt straitéis chuimsitheach margaíochta chun bolscaireacht a dhéanamh ar Bhealaí Glasa Chiarraí sna margaí baile agus idirnáisiúnta. Déanfar na pleananna seo a fhorbairt i gcomhairle le pobail áitiúla agus páirtithe leasmhara gnó áitiúla, chomh maith le heagrais is áisíneachtaí náisiúnta agus na húdaráis ábhartha áitiúla. Togfaidh na pleananna seo san áireamh taighde atá déanta sa cheantar, anuas ar dheachleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta. Mar chuid den phróiseas pleanála seo aithneofar  agus raghar sa tóir ar gach mhaoiniú dá bhfuil ar fáil chun margaíocht a dhéanamh ar na bealaí glasa.

Slí an Atlantaigh Fhiáin
Tá obair ag dul ar aghaidh i gcónaí i gcomhpháirt le Fáilte Éireann chun feabhas a chur ar áiseanna cuairteora ag an bPointe Fionnachtana de chuid Shlí an Atlantaigh Fhiain ag Ceann Bhreagha, Dairbhre. Cuireadh iarratas isteach leis An Bord Pleanála i Lunasa 2020 d’oibriúcháin chun daingniú agus caomhnú a dhéanamh ar fhoirgneamh an túir chomhartha atá ann agus chun ardán amhairc nua a chur ar an díon, ardán óna bheidh radharcanna iontacha de na Sceilg agus an taobh tíre máguaird. Beidh limistéir amhairc oscailte do chách ag leibhéal na talún, áit a ndéanfar an sean-fhalla teorainn a chur ar ais ina áit.

D’éirigh le Trá Lí tacaíocht daotais a fháil ó Fáilte Éireann faoi Chlár na mBailte mar Cheann Scríbe, agus le Cill Airne faoi scéim Bailte Tairsigh Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Tá Pleananna Forbartha Eispéireas Cuairteora críochnaithe do Chorca Dhuibhne agus ceantar na dTrí Leithinis/An Neidín, agus tá obair tosnaithe ar Phlean Faille agus Cósta a bheidh Ciarraí Thuaidh agus Iarthar an Chláir araon ina gcuid de.

Tionscadal Cábla Tras-Atlantach Dhairbhre
Leanann dul chun cinn Thionscadal Cábla Tras-Atlantach Dhairbhre i dtreo cuspóir dheiridh stádas Oidhreacht Dhomhanda UNESCO a bhaint amach. Is próiseas fada é seo agus d’fhéadfaidh go mbeidh tamall maith de bhlianta i gceist. An chéad chéim ná áit a bhaint amach ar Liosta Féideartha na hÉireann a bheidh á chríóchnú faoi Earrach 2021. Táthar dóchasach go dtosnófar obair ar chaomhnú Stáisiún Cábla Dhairbhre le linn 2021 le tacaíocht airgid ó Chiste Forbartha Athnuachain na Tuaithe. Tá Fáilte Éireann tar éis tacaíocht deontais a cheadú do Mhúsaem Cábla ag leibhéal na talún, chomh maith le mol nuálaíochta a fhostóidh suas le 50 duine ag leibhéal an chéad úrláir. Roghnaigh Comhairle Contae Chiarraí agus an Roinn Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe an Stáisiún Cábla mar cheann de na céad Pointí Ceangail Leathanbhanda (PCL) le bheith curtha i bhfeidhm faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.

Tá an Comhairle ag obair go dlúth i gcomhpháirt leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, a dhéanann bainistiú ar phróiseas UNESCO in Éirinn, an Roinn Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe, Comhlacht Forbartha Dairbhre, Fondúireacht Cábla tras-Atlantach Dhairbhre, agus Rialtas Talamh an Éisc/Labrador i gCeanada, chomh maith le grúpaí náisiúnta agus idirnáisiúnta eile chun na critéir dhochta a bhaineann le stádas Oidhreacht Dhomhanda a bhaint amach.

Déan Teagmháil

Roinn Turasóireacht
Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
An Ráth Teas,
Trá Lí, Co. Chiarraí,
Fón: 066 7183642
R-Phost Turasóireachta