Straitéis Turasóireachta

Foilsíonn Comhairle Contae Chiarraí Straitéis Nua Turasóireachta le 273 gníomh ann chun fás a chur ar an tionscal i gCiarraí. D’fhoilsigh Comhairle Contae Chiarraí plean gníomhaíochta nua 17 bliana don turasóireacht i gCiarraí ar sheoladh ag Amharclann Naomh Eoin i Lios Tuathail ar Aoine 21 Deireadh Fómhair 2016 ag Leas-Cathaoirleach na Comhairle, Liam Purtill (féach an nasc YouTube thíos). Tagann Straitéis Turasóireachta agus Plean Gníomhaíochta Contae Chiarraí 2016-2022 tar éis an próiseas comhairliúcháin agus anailís is leithne agus is doimhne ar tugadh faoi sa chontae riamh.

“Is é Ciarraí an ceann scríbe is mó turasóireachta in Éirinn” a dúirt an Comhairleoir Purtill, “Tá sé ag cur fáilte roimh chuairteoirí leis na glúinte agus inniu meallann sé 1.7m cuairteoir ó thar lear agus cuairteoirí Éireannacha a ghineann os cionn €470m in ioncam bainteach leis an turasóireacht don gcontae. Tá roinnt den taobh tíre is aitheanta in Éirinn ag Ciarraí, leithéidí Locha Chill Airne, Sceilg Mhíchíl, Slí Chinn Sléibhe agus tránna órga Chiarraí Thuaidh, anuas ar an gcuid is faide de Shlí an Atlantaigh Fhiáin ag aon chontae. Chomh maith leis sin, tá earnálacha beoga cultúrtha, bia agus ceardaíochta ann, agus oidhreacht shaibhir nádúrtha, tógtha agus teanga,” a dúirt sé.

Faoi láthair, meallann Ciarraí 13% de na cuairteoirí iomlán ó thar lear a thagann go hÉirinn, agus tagann duine as gach triúr Meiriceánach a thagann go hÉireann go Ciarraí. Tá an líon is mó lóistín turasóireachta sa tír lasmuigh de Bhaile Átha Cliath i gContae Chiarraí, sin suas le 50,000 sna hearnálacha faofa agus neamhfhaofa. Tá Ciarraí ag brath níos mó ar thurasóireacht ná aon contae eile, le breis agus 20% dá oibrithe fostaithe in earnáil leathan na turasóireachta, agus níos mó ná 9,000 duine fostaithe go díreach in earnáil an lóistín agus na fáiltithe.

Leagann an tuairisc nua amach 273 gníomh ar leith le cur i gcrích thar an tréimhse fhada, mheánach agus ghearr i seacht bpríomhréimse, ina measc:

  • Eachtraíocht
  • Brandáil agus Margaíocht
  • Turasóireacht, Imeachtaí agus Féilte Pobail
  • Oideachas
  • Fiontar agus Nuálaíocht
  • Timpeallacht agus Oidhreacht Chultúrtha/Nádúrtha
  • Bonneagar

  Aontaíodh tosaíocht na tionscadail iomadúla tar éis próiseas comhairliúcháin fada, bunaithe ar an ngá atá ann:

  • Cur le fad na tréimhse turasóireachta san idirshéasúr
  • Íomhá Ghlas agus ghlan Chiarraí a chur chun cinn
  • Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus na lúba ceangailte léi.
  • Forbairt tionscadal a mheallfadh a lán turasóirí

Is é an fhís a leagadh amach sa straitéis ná “tairbhe na turasóireachta a dhéanamh chomh mór agus is féidir, ar shlí inmharthana, maidir leis an méid a chuireann sé le caighdeán maireachtála, géilleagar, fostaíocht agus forbairt phobail, ag tabhairt ceann ar leith de chothú agus cosaint oidhreacht nádúrtha, thógtha, chultúrtha agus teanga an chontae.”

Sea dúirt Joan McCarthy ó Aonad Turasóireachta Chomhairle Contae Chiarraí “Is comhad beo é an Straitéis Turasóireachta atá ina dlúthchuid de Phlean Eacnamaíoch agus Pobail Chomhairle Contae Chiarraí 2016-2022, agus tabhairfidh sé aghaidh ar dhúshláin nua, athruithe teo an mhargaidh, agus athruithe ar iompar tomhaltóirí agus é á athbhreithniú is á uasdátú go bliantúil.”

National Tourism Conference 5th & 6th September 2017, Listowel

County Kerry Tourism Strategy & Action Plan 2016-2022

https://www.youtube.com/watch?v=sxM-7F5rdd0

SEA Statement for the Tourism Strategy

Déan Teagmháil

Roinn Turasóireacht
Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
An Ráth Teas,
Trá Lí, Co. Chiarraí,
Fón: 066 7183642
R-Phost Turasóireachta