Bain Sult as Oileáin

Tá fásaigh iargúlta ar fáil ar na hoileáin amach ó chósta Chiarraí, chomh maith le Suíomh Oidhreachta de chuid UNESCO, lorg coise ainmhithe atá 350 milliún bliain d’aois, stair shaibhir liteartha, failltreacha fíor-arda, tránna gainimh, cnoic sceirdiúla agus dúlra neamhchoitianta, iad fad ag fanacht ort chun aithne a chur orthu.

Is iad Na Scealga – Sceilg Mhíchíl agus an Sceilg Bheag – ná creaga ollmhóra farraige a éiríonn as an Aigéan Atlantach amach ó leithinis Uíbh Ráthaigh. Idir an 6ú agus an 8ú céad bunaíodh mainistir ar Sceilg Mhíchíl, ceann de na samplaí is dramatúla ar domhan den mainistir Chríostaí, agus tugann turas ar an oileán spléachadh ar shaol pobal manaigh ar an gcarraig stoirmiúil seo. Cuireadh Sceilg Mhíchíl ar Liosta Oichreachta Domhanda UNESCO sa bhliain 1996. Tá an Sceilg Bheag ar cheann de na suíomhanna is tábhachtaí síolraithe in Éirinn ag éanlaithe mara, le breis agus 27,000 péire gainéad ag neadú inti.

Tabhair cuairt ar www.skelligexperience.com

Tabhair faoi deara gur ar bhád a bhaintear amach an oileán agus go mbíonn seo ag brath ar an aimsir a bheith oiriúnach chuige.

Suite amach ó chósta thiar-theas Chiarraí le droichead isteach ann thar Ghóilín Dairbhre agusbád farantóireachta do chairteacha le linn an tSamhraidh, tugann Dairbhre an deis do chuairteoirí saol an oileáin a bhlaiseadh, I dteannta breis agus 600 oileánaigh atá ag cur fúthu ann. www.valentiaisland.ie Tá failltreacha drámatúla Cheann Bhreagha ar an taobh thiar den oileán, le radharcanna iontacha uathu. B’é Dairbhe an cheann thoir den chéad cábla teileagraif tras-Atlantach. B’é an cábla seo a chuir ar chumas na hEorpa agus Meiriceá teagmháil teileagraif a dhéanamh den chéad uair, leis an ceann thoir ag Dairbhe ceangailte leis an gceann thiar i dTalamh an Éisc sa bhliain 1866. Bhí an cábla seo ag feidhmiú ar feadh céad bliana. Bí ag cabaireacht le muintir na háite i bpríomhbhaile an oileáin, Baile an Ridire; tabhair cuairt ar na loirg coise iontaisithe is luaithe ar domhain  www.theringofkerry.com/tetrapod-tracks-on-valentia; tabhair cuairt ar an gcairéal slinnte go gcífidh tú an slinne Dairbhreach cáíliúil a d’úsáideadh chun díon a chur ar an-chuid foirgintí clúiteacha, Teach na dTeachtaí i Londain Shasana san áireamh  www.valentiaslate.com ; nó téir ag spaisteoireacht trí fhásra méith ildaite an oileáin atá cruthaithe ag éifeacht shéimh Shruth na Murascaille.

Nó tabhair cuairt bháid ar an mBlascaod Mór, áit gur scríobh cuid de na scéalaithe is fearr in Éirinn faoi shaol oileánach a bhí ag cur fúthu ar imeall thiar na hEorpa, ag tabhairt taobh tíre, slite beatha agus stair a ndaoine isteach i gcloigeann na milliúin léitheoirí. Ar an drochuair, tháinig meath ar phobal an Bhlascaoid agus tréigeadh an oileán sa bhliain 1953, ach is féidir le cuairteoirí taisteach go dtí an oileá iargúlta seo ar bhád agus roinnt uaireanta an chloig, nó an lá ar fad, ag déanamh iontaise dá áilleacht nádúrtha agus de thaisí an phobail dhaonna. Déanann Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin comóradh agus céiliúradh ar scéal mhuintir na mBlascaoidí, gaisce a scríbhneoirí ina dteanga dhúchais, agus a gcúltúr agus traidisiúin.

Tabhair cuairt ar  http://www.heritageireland.ie/en/  agus www.dingle-peninsula.ie

Déan Teagmháil

Roinn Turasóireacht
Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
An Ráth Teas,
Trá Lí, Co. Chiarraí,
Fón: 066 7183642
R-Phost Turasóireachta