Bonneagar Tógtha Chomhairle Contae Chiarraí

Déanann Comhairle Contae Chiarraí bainistíocht ar roinnt ionad agus áiseanna turasóireachta sa chontae, ina measc:

Muileann Gaoithe Chathair Uí Mhóráin  http://www.blennerville-windmill.ie/

Tá an muileann gaoithe is mó atá fós ag obair in Éirinn agus baile iarnród macasamhail Chiarraí lonnaithe díreach lasmuigh de Thrá Lí i sráidbhaile álainn stairiúil Chathair Uí Mhóráin, tairseach leithinis Chorca Dhuibhne. Is sainchomhartha íocónach i mBá Thrá Lí é Muileann Gaoithe Chathair Uí Mhóráin ar deineadh é a athchóiriú go dílis sna 1980í. Is é an t-aon mhuileann gaoithe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus bíonn sé oscailte do chuairteoirí ó Mhárta go Deireadh Fómhair gach bliain. Anuas ar sin, tá an Muileann Gaoithe mar bhaile ag Iarnród macasamhail Chiarraí agus tá macasamhaile d’iarnród caol Thrá Lí – An Daingean ar thaispeáint san ionad. Chomh maith leis sin, tá taispeántas ar an imirce a mharcálann stair Chathair Uí Mhóráin mar phríomh-chaladhphort na himirce ó Chiarraí le linn an Ghorta Mhóir. Ag an tráth úd bhí sí mar phort baile ag an long imirce cáiliúil an ‘Jeanie Johnston’ agus tá macasamhail den mbád bán míchlúiteach seo ina chuid den taispeántas. Tugann taispeántas de sheanfhearas, uirlisí agus maisíní ón 19ú agus tús an 20ú Chéid spléachadh iontach don gcuairteoir den saol i gCiarraí ag an am sin.

Páirc Éiceolaíochta agus Ghníomhaíochta Bogaigh Thrá Lí  https://www.traleebaywetlands.org/

 

Lonnaithe faoi fhad siúil de lár an bhaile, is áit í Páirc Éiceolaíochta agus Ghníomhaíochta Bogaigh Thrá Lí atá beoga ach suaimhneach araon. I measc na n-áiseanna ar an suíomh tá Caifé Taobh Locha, Páirce Éiceolaíochta agus Dúlra, agus scata rudaí eile le déanamh ar nós cuairt féin-threoraithe dúlra, báid troitheáin, zorbáil, falla dreapadóireachta, agus fearas aclaíochta faoin aer, chomh maith le hionad spraoi do leanaí beaga.

Insíonn taispeántas idirghníomhach dúlra den scoth scéal oidhreacht nádúrtha Thrá Lí óna chruthú ársa geolaíochta go dtí dúshláin bhainistíochta na todhchaí. Tugann turas treoraithe dúlra i mbád deis do chuairteoirí súil a leagan ar leithéidí éanlaithe lapadaíle, snáthaidí móra, niúit, froganna, dallóga, agus mamaigh bhogaigh eile, chomh maith le foghlaim faoi stair agus béaloideas an cheantair agus an tslí a ndéantar bainistiú ar limistéir an bhogaigh.

Cuireann túr amhairc atá 20 méadar ar airde radharcanna áille den tearmann 8000 acra ar fáil, agus díobh siúd go bhfuil mianach na heachtraíochta iontu tá falla dreapadóireacht atá 9 méadar ar airde, a sholáthraíonn radharcanna iontacha mar an gcéanna, ach an barr a bhaint amach! I measc na n-imeachtaí eile atá ar fáil ar an suíomh tá báid troitheáin ar cíos, zorbáil uisce, agus báid rámhaíochta. Tá áiseanna leithris, athraithe clúidíní, agus seirbhísí eolais turasóireachta ar fáil san Ionad Cuairteora.

Bain sult as an dúlra fad is a fhoghlaimíonn tú faoi ag Páirc Éiceolaíochta agus Ghníomhaíochta Bogaigh Thrá Lí

Príomh-Mhúsaem Chiarraí – http://www.kerrymuseum.ie/

Lonnaithe i gcroí-lár baile Thrá Lí i bhfoirgneamh stairiúil Halla Cuimhneacháin an Ásaigh, tá Príomh-Mhúsaem Chiarraí ina bhaile ag cuid mhór déantúsán, áiléir idirghníomhacha, agus gníomhaíochtaí a léiríonn saibhreas oidhreacht agus seandálaíocht Chiarraí. Tá sé

d’aidhm ag an músaem oidhreacht Chiarraí a roinnt agus a chur i láthair trí chláir oideachais, taispeántais, imeachtaí, taighde agus foilseacháin. Cnuasaíonn, caomhnaíonn agus coimeádann an Músaem seilbh iontaoibhaithe ar bhreis agus 4,000 déantúsán bainteach leis an gcontae agus a mhuintir, ón gClochaois go suas go dtí an 20ú Chéad déanach. Chomh maith leis an bpríomh-áiléar, tá áiléar do thaispeántais speisialta, Seomra Tom Crean, agus Halla Seandálaíochta, anuas ar roinnt taispeántas sealadacha. Tugtar deis do chuairteoirí taisteal siar in am chun taithí a fháil ar radharcanna, fuaimeanna agus bolathaithe Thrá Lí sa bhliain 1450AD nuair a shiúltar tríd an Eispéireas Meánaoiseach. Is áiléar idirghníomhach é    Na Bleachtairí Cnáimhe a dhéanann iniúchadh ar stair Thrá Lí trí shúile seandálaithe. Léiríonn siúlóid tríd an Eispéireas Meánaoiseach sráideanna Thrá Lí mar a bhíodar um 1450AD, le radharcanna, fuaimeanna agus bolaithe láidre pobail ghnóthaigh. Faigh amach cad a chaith daoine, cad a d’ith daoine, agus cá mbídís ina gcónaí, chomh maith leis an gcúis gurb iad na Gearaltaigh, Iarlaí Deaumhain, a bhunaigh an baile agus a scrios é araon. Le himeachtaí, campaí agus ceardlanna séasúracha ar siúil ar fud na bliana, is iontach an áit do theaghlaigh é Príomh-Mhúsaem Chiarraí.

Ionad Spórt agus Scíthe Chill Airne – https://killarney.coralleisure.ie/

 

 

 

Is áis den scoth é Ionad Spórt agus Scíthe Chill Airne le roghanna ballraíochta agus íoc-mar-a-úsáidtear do dhaoine aonair agus grúpaí de gach cumas. Mar chuid den Ionad tá linn snámha 25m cúig-lána, linnte d’fhoghlaimeoirí agus leanaí, spá sláinte, seomraí cóireála, ionad aclaíochta, stiúidió aclaíochta agus an airéine spóirt faoi dhíon is mó i gCiarraí.

Déan Teagmháil

Roinn Turasóireacht
Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
An Ráth Teas,
Trá Lí, Co. Chiarraí,
Fón: 066 7183642
R-Phost Turasóireachta