Bain Sult as bheith ag Fiosrú faoi do Shinsir

Ón mbliain 1700 amach tá thart ar 10 milliún duine tar éis dul ar imirce ón oileán seo sa tóir ar shaol nua i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, An Astráil, An Bhreatain Mhór agus tíortha eil nach iad ar fud an domhain. Le níos mó ná 80 milliún duine go domhanda anois de shliocht na hÉireann, tá ag fás go mór ar an éileamh atá ann ar eolas faoinár sinsir. Tá faisnéis ghinealach ar fáil ar líne (féach na nascanna thíos), ach más mian leat roinnt bheag taighde a dhéanamh ar an áit arbh as duit mar chuid ded’ shaoire i gCiarraí, tá na hacmhainní seo a leanas ar fáil.

Tá rannóg Stair Áitiúil agus Cartlainne ag Leabharlann Chontae Chiarraí, atá
lonnaithe i dTobar Mhagh Dor, Trá Lí, www.kerrylibrary.ie, agus bailiúchán
mór de thaifid ghinealacha acu do Chontae Chiarraí, ina measc Suirbhé
Logainmneacha Chiarraí, nuachtáin ag dul siar go dtí an 19ú Céad,
léarscáileanna de limistéir áitiúla, roinnt leabhair faoi Chiarraí agus údair
Chiarraí, agus foinsí eile taighde chun cabhrú le do thaighde ghinealach.
Tá Taifead Eaglasta ar fáíl saor in aisce ag www.irishgenealogy.ie agus tá
innéacsú agus scanáil déanta ar Thaifid Reilige de chuid Údarás Áitiúil Chiarraí,
le taifid do 140 reilig sa chontae ag www.kerrylaburials.ie Nascanna áisiúla
eile ná www.logainm.ie, www.osi.ie, www.rootsireland.ie,
www.familysearch.org/eng/default.aspwww.census.nationalarchives.ie,  
www.askaboutireland.ie

An Teach Bán

Áras Ceoldrámaíochta Sidney

Críost an Slánaitheoir – Rio de Janeiro

Pirimidí Giza

 

 

Déan Teagmháil

Roinn Turasóireacht
Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
An Ráth Teas,
Trá Lí, Co. Chiarraí,
Fón: 066 7183642
R-Phost Turasóireachta