Bain Sult as Gníomhaíochtaí agus Eachtraíocht

Cuir do chuisle ag rith ar chosa in airde I measc áilleacht ár dtaobh tíre lena cnoic is gleannta neamh-mhillte, locha agus aibhnte gléineacha, agus na mílte is na mílte de chósta. Rópadóireacht anuas, sléibhteoireacht, surfáil, tumadóireacht, treodóireacht, sruth-bhordáil, seoltóireacht, cadhcadóireacht… tá réimse ollmhór spórt eachtraíochta I gCiarraí gur féidir leat triail a bhaint astu don gcéad uair, nó tabhair do dhúshlán féin i do rogha spóirt. Más fearr leat rud éigin níos réchúisí, ar nós marcaíocht chapaill gailf nó iascaireachta, táid siúd againn chomh maith céanna. Cuir deireadh le do lá, ag ligint do scíth ag ceann d’ár sár-réimse lóistín ar fud an chontae, nó scaoil leis na matáin le cóireáil spá…. Bain sult as!

Cuireann ceantracha Gaeltachta Chiarraí, mar a bhfuil Gaeilge fós á labhairt ag an bpobal, deis ar leith ar fáil do chuairteoirí. I measc na gceantracha Gaeltachta i gCiarraí tá bailte agus sráidbhailte leithéidí Baile an Fheirtéaraigh, Ceann Trá, An Daingean agus Clochán Bhréanainn ar Chorca Dhuibhne, agus, Cill Rialaigh, Baile an Sceilg, is Doire Fhionáin in Uíbh Ráthach, chomh maith leis na hoileáin An Blascaod Mór, Sceilg Bheag agus Sceilg Mhichíl. Cuireann an Ghaeltacht blaiseadh d’ár dteanga bheo ar fáil do chuairteoirí, chomh maith leis an gcultúr ar leith trí mheáin a ceoil, amhrán, rince agus féilte. Bíonn an deis an cuairteoirí Gaeilge a chloisint is a fhoghlaim ó chainteoirí dúchais áitiúla atá díograiseach faoin nGaeilge, i gcroílár chultúr, oidhreacht agus traidisiúin shaibhre an cheantair.

www.gaelsaoire.ie,  www.oidhreacht.ie,  http://www.gokerry.ie/,  www.uibhrathach.ie,  www.fishinginireland.info

Déan Teagmháil

Roinn Turasóireacht
Comhairle Contae Chiarraí
Áras an Chontae,
An Ráth Teas,
Trá Lí, Co. Chiarraí,
Fón: 066 7183642
R-Phost Turasóireachta