Cathaoireacha Rothaí Tránna
Beidh ár seirbhís cathaoireacha rothaí trá saor in aisce ann arís an samhradh seo ag
Tránna Bratach Ghorm: – Baile an Sceilg, Inse agus Baile an Bhuinneánaigh ón
5 Meitheamh go dtí lár Mheán Fómhair. Is féidir linn an tseirbhís seo a sholáthar
a bhuí le maoiniú a fuarthas ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil 2 Chathaoir Rothaí Trá eile againn anois ag
an mBeannach & Caisleán Ghriaire / An Machaire don chuid eile den séasúr, a bhuí
le maoiniú ón Scéim Bonneagair Áineasa Allamuigh.
Tá sé SAOR IN AISCE na cathaoireacha rothaí a úsáid ach caithfear iad a chur in áirithe
roimh ré. Tá siad ar fáil ag na suíomhanna seo a leanas agus is féidir iad a chur in áirithe ar feadh
sealanna de 3 uair an chloig.
Trá | Ionad Bailithe | Chun a chur in áirithe, glaoigh ar | Uaireanta Lár Seachtaine (suas le 3 huaire) | Uaireanta Deireadh Seachtaine (suas le 3 huaire) |
Baile an Sceilg | Café Cois Trá | 087 296 5874 | 12 meán lae – 7pm | 11 am – 7 pm |
Inse | Bothán Garda Tarrthála | 086 2663186 | 12 meán lae – 7pm | 11 am – 7 pm |
Baile an Bhuinneánaigh | Bothán Garda Tarrthála | 087 3748030 | 12 meán lae – 7pm | 11 am – 7 pm |
An Bheannach | Bothán Garda Tarrthála | 087 9567578 | 12 meán lae – 7pm | 11am – 7pm |
An Machaire/Caisleán Ghriaire | Splash sports Centre | 087 2778236 |
11 am – 6pm |
11am – 6pm |
Téarmaí, Coinníollacha agus Treoirlínte Úsáide
Ní mór cúramóir / cúntóir a bheith ag gach úsáideoir cathaoireach chun cuidiú leo aistriú chuig an gcathaoir agus chun an chathaoir a bhrú, toisc nach bhfuil na cathaoireacha rothaí féin-ghluaiste. Ní bheidh na daoine a bheidh ag plé leis na háirithintí in ann cuidiú le haistriú chuig an gcathaoir agus uaithi ná chun úsáideoirí a bhrú ar an trá. Ní bheidh gardaí tarrthála in ann cuidiú le húsáid cathaoireacha rothaí.
Ní mór do gach úsáideoir aitheantas fótagrafach reatha a thaispeáint agus an chathaoir á bailiú.
Léigh ár dTéarmaí & Coinníollacha maidir le húsáid An Chathaoir Rothaí Trá Hippocampe d’fhonn eispéireas taitneamhach sábháilte a chinntiú. Beidh ar gach úsáideoir cóip de seo a shíniú agus an chathaoir rothaí á bhailiú.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil ag 066 7162000 nó seol ríomhphost chuig environ@kerrycoco.ie
Úsáid Cathaoir Rothaí Trá ach í a iarraidh- As Séasúr
Is minic a fhaighimid iarratais chun ár gcathaoireacha rothaí trá a úsáid ag áiteanna éagsúla agus ag amanna éagsúla i rith na bliana, lasmuigh de shéasúr gnóthach an tsamhraidh. Déanfaimid ár ndícheall freastal ar iarratais den chineál seo, a luaithe a bheidh an chathaoir rothaí ar fáil agus a mbeidh foireann againn chun an chathaoir rothaí a iompar go dtí an áit a n-iarrtar í.
Más mian leat ceann de na cathaoireacha rothaí trá a iarraidh, déan teagmháil linn ag environ@kerrycoco.ie nó glaoigh ar 066 7162000 chun cuidiú a fháil.
Déan teagmháil linn
An Rannóg Comhshaol,
Sráid Maine, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066 716 2000
Bruscar: 1800/326228
Fax: (066) 7120663
r-phost: environ@kerrycoco.ie