Ceadúnais Madraí/Ceanglais Dhlíthiúla
Ceadúnais/Athnuachaintí Madraí
Faoin Acht um Rialú Madraí, 1986, agus arna leasú ag an Acht um Rialú Madraí, 1992, ceanglaítear ar úinéir madra ceadúnas madraí a cheannach do gach madra atá aige/aici. Ní mór ceadúnas madraí a athnuachan gach bliain. Ní mór go mbeifeá os cionn 16 bhliain d’aois chun ceadúnas madraí a cheannach.
Más mian leat Ceadúnas Madraí Aonair nó Saoil a cheannach ó An Post cliceáil anseo nó tabhair cuairt ar d’Oifig Poist áitiúil.
Táillí Ceadúnais
• Cosnaíonn Ceadúnas Madraí Aonair €20.
• Cosnaíonn ceadúnas madraí saoil €140.
Ceadúnais Madraí Ghinearálta
Ní féidir Ceadúnais Madraí Ghinearálta i gcomhair líon neamhshonraithe madraí in aon réadmhaoin amháin a cheannach ach go díreach ó Chomhairle Contae Chiarraí ag oifig na Seirbhísí Timpeallachta ar Shráid na Mainge, Trá Lí nó trí ghlaoch ar an uimhir 066 7162000.
Cosnaíonn Ceadúnais Madraí Ghinearálta €400 sa bhliain.
Díolúintí ó Cheadúnas a Bheith Agat
• Ní theastaíonn ceadúnas do mhadraí treorach
• má tá an madra níos óige ná ceithre mhí d’aois agus á choinneáil lena m(h)áthair nó lena m(h)áthair altrama
• tá tuilleadh eolais le fáil in Acht um Rialú Madraí, 1986
Aitheantas Madra
Is ceanglas dlíthiúil é go mbeadh coiléar á chaitheamh ag gach madra i gcónaí a bhfuil ainm agus seoladh an úinéara greanta air nó go mbeadh na sonraí sin ar fáil ar chlib. Mura bhfuil aitheantas ar mhadra d’fhéadfadh maor madraí fíneáil ar an láthair a eisiúint.
Téir I dtreangbháil linn
Póna Comhairle Contae Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí T: 066 – 7183700
E: dogpound@kerrycoco.ie
Oscailte do coinní amhain idir 10.00am- 1.00pm & 2.00pm – 5.00pm ón Luan go Aoine