Clár Áitiúil 21

COMHAIRLE CONTAE CHIARRAÍ

Clár Áitiúil 21
CISTE COMHPHÁIRTÍOCHTA 2019
Feasacht Comhshaoil

An bhfuil tionscadal nó tionscnamh agat a d’fhéadfadh cur le leibhéil feasachta ar an gcomhshaol ​a mhéadú ar bhonn áitiúil nó ceann a chuidíonn le pobail níos glaise agus níos inbhuanaithe a thógáil? Má tá, is féidir go mbeidh tú i dteideal cúnamh airgeadais ón gCiste Comhpháirtíochta Comhshaoil ​​21- Clár Oibre Áitiúil 2019. Cuireann an Ciste tionscadail chomhshaoil ​​neamhbhrabúis ar scála beag chun cinn ar leibhéal áitiúil.

An bhfuil do Thionscadal Incháilithe?

Ba cheart go ndíreofaí sa tionscadal ar fheasacht agus ar ghníomhaíocht chomhshaoil ​​atá ag teacht le polasaithe comhshaoil ar bhonn ​​náisiúnta ar a nós siúd a bhaineann le Dramhaíl, Bithéagsúlacht, Uisce, Aer, Forbairt Inbhuanaithe agus Athrú Aeráide. Thacaigh an Ciste le réimse leathan tionscadal agus scéimeanna sna blianta roimhe seo, idir ghairdíní pobail, cuibhrinn agus scéimeanna múirín go córais bainte uisce báistí, tionscnaimh oideachais agus ceardlanna comhshaoil. Is féidir liosta de na tionscadail ar éirigh leo a fheiceáil ar líne ag www.environ.ie

An bealach chun iarratas a dhéanamh

Is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ó Oifig Seirbhísí Comhshaoil ​​Chomhairle Contae Chiarraí ar Shráid Mainge, Trá Lí, Teil: 066 7162000. Tá foirmeacha iarratais ar fáil freisin ar líne ag http://www.dccae.gov.ie/ nó ag www.kerrycoco.ie

Ní mór iarratais a chur chuig d’údarás áitiúil faoin 27 Meán Fómhair ag 5pm, 2019

Le haghaidh eolas ginearálta faoin gCiste déan teagmháil le:
Liz O’Donnell, Seirbhísí Comhshaoil, Sráid na Mainge, Trá Lí, Co Chiarraí
Teil: 066 7162000 ríomhphost environ@kerrycoco.ie

Foirm Iarratais

 

 

Déan teagmháil linn

An Rannóg Comhshaol,
Sráid Maine, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066 716 2000
Bruscar: 1800/326228
Fax: (066) 7120663
r-phost: environ@kerrycoco.ie