Cigireachtaí ar Dhabhcha Séarachais

Foráiltear san Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú), 2012 go dtabharfar isteach
córas náisiúnta cigreachta do chórais chóireála fuíolluisce tí. Tá mionsonraí
an phróisis cigireachta srl. leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Cigireachta reatha.

Baill foirne oilte de chuid Chomhairle Contae Chiarraí a dhéanfaidh gach
cigireacht den chineál seo. Cuirfidh Comhairle Contae Chiarraí scéala scríofa
go díreach chuig na háitribh sin atá le dul faoi chigireacht faoin bPlean Náisiúnta
Cigireachta roimh an gcigireacht. Is fiú freisin, áfach, cruthúnas aitheantais a
iarraidh ar aon duine atá ag iarraidh cigireacht a dhéanamh ag d’áitreabh.

Féadann Comhairle Contae Chiarraí freisin cigireachtaí a dhéanamh ar chórais
cóireála fuíolluisce tí ar chúiseanna eile. Mar shampla, d’fhéadfaí cigireachtaí a
dhéanamh má fhaightear gearán nó tuairisc ar chóras dífheidhmithe ón bpobal.
Seans nach bhfógrófar na cigireachtaí seo roimh ré.

Tá mionsonraí faoin bPlean Náisiúnta Cigireachta, maille le heolas ar chórais
cóireála fuíolluisce (lena n-áirítear cúnamh féideartha deontais) ar fáil ag na naisc seo a leanas:
http://www.epa.ie/water/wastewater/info/
http://www.environ.ie/en/Environment/Water/WaterQuality/DomesticWastewaterTreatmentSystems/

  • Cad a tharlaíonn le linn cigireachta ar Dhabhach Shéarachais?
  • Cad é an t-eolas atá uait faoi do Dhabhach Shéarachais?
  • An bhfuil do thobar i mbaol mar gheall ar do Dhabhach Shéarachais?

Dríodair Fuíolluisce
Bailitheoirí Cláraithe – Dríodar dramhaíola/Dramhaíl Dhabhach Shéarachais
(baineann an rannán seo faoi láthair le dríodair sna rialacháin)
Tá liosta reatha na mbailitheoirí cláraithe ar
shuíomh gréasáin na hOifige Náisiúnta Ceadúnais Bailithe Dramhaíola

Déan teagmháil linn

An Rannóg Comhshaol,
Sráid Maine, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066 716 2000
Bruscar: 1800/326228
Fax: (066) 7120663
r-phost: environ@kerrycoco.ie