Balla Colmlainne le haghaidh Luaithreach Créamtha

Cúlra:
Cúis áthais do Chomhairle Contae Chiarraí a fhógairt go bhfuil an chéad bhalla Colmlainne sa Chontae réidh anois i Reilig Chill Áirne agus gur féidir luaithreach créamtha a chur ann anois.

Tá fás ag teacht ar an gcréamadh mar mhalairt ar adhlacadh in Éirinn.

Costas:
Tá spás ann faoi láthair le haghaidh 100 Cuasán agus is féidir dhá phróca den ghnáthmhéid a chur i ngach Cuasán. €1,200 an costas reatha ar gach Cuasán.

Inscríbhinní:
De réir na bhFodhlíthe, beidh inscríbhinní ar bhallaí colmlainne nó ar áiseanna eile le haghaidh iarsmaí créamtha, de réir pholasaí na Comhairle.

Is ar an gceannaitheoir féin a thitfidh sé an greanadh ar an bplaic chuimhneacháin a shocrú le greanadóir cáilithe atá ceadaithe ag Comhairle Contae Chiarraí. Mar sin féin, caithfear cead a fháil roimh ré ó Chomhairle Contae Chiarraí an inscríbhinn atá molta a dhéanamh sula dtugtar faoi obair ar bith.

Cuirfidh Comhairle Contae Chiarraí téacs caighdeánach lena n-áirítear ainm, seoladh, dáta breithe, dáta báis agus frásaí roghnacha ar fáil lena cheadú roimh ré. Ceadófar pictiúr de mhéid oiriúnach (má iarrtar é). Ní cheadófar inscríbhinní nó pictiúir seachas iad sin a ndéantar comhaontú orthu roimh ré ón gcomhairle agus bainfear iad ar chostas don té ar leis an cuasán. Déantar é seo lena bheith cinnte de go léirítear meas ar gach inscríbhinn ar a dtimpeallacht agus nach ndéantar aon mhasla do theaghlaigh na ndaoine atá curtha ann.

Fiosrúcháin:

Is féidir aon fhiosrúcháin a dhéanamh go díreach chuig Oifig na Reiligí, Sráid na Mainge, Trá Lí, Co. Chiarraí nó trí d’adhlacóirí áitiúla.

Guthán: 066 7183512 066 7183718

Ríomhphost: burialgrounds@kerrycoco.ie

Polasaí:
Ceangailte leis seo tá Polasaí na Comhairle maidir leis an mBalla Colmlainne agus cuasáin na Luaithreach. Leagtar amach sa pholasaí na rialacháin maidir le hiarsmaí créamtha a chur sna ballaí colmlainne agus le cuasáin na Luaithreach.

Téir I dtreangbháil linn

Póna Comhairle Contae Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí T: 066 – 7183700
E: dogpound@kerrycoco.ie
Oscailte do coinní amhain idir 10.00am- 1.00pm  & 2.00pm – 5.00pm  ón Luan go Aoine