Dramhaíl agus Athchúrsáil Tí

Dramhaíl Tí agus Athchúrsáil

Ionaid Fóntas Poiblí

Is saoráidí iad ionaid fóntas poiblí (IFP) inar féidir le baill den phobal ábhair a fhágáil chun iad a athchúrsáil agus dramhaíl a dhiúscairt. Tá 5 IFP i gCiarraí sna suíomhanna seo a leanas

Má theastaíonn eolas uait maidir le Suíomhanna na nIonad Fóntas Poiblí, Uaireanta Oscailte agus Táillí féach ar na naisc seo a leanas

Ionaid Fág Anseo
Is féidir leat cannaí cruach/alúmanaim agus buidéil ghloine a athchúrsáil ag d’Ionad Fág Anseo áitiúil. Lean an nasc chun eolas a fháil maidir le suíomhanna ár nIonad Fág Anseo: Suíomhanna Ionad Fág Anseo i gCiarraí

Nuair a Bhíonn Ionaid Fág Anseo in Úsáid

  • Scar na hearraí in-athchúrsáilte ón gcuid eile de do dhramhaíl.
  • Tabhair d’earraí in-athchúrsáilte chomh fada leis an Ionad Fág Anseo is cóngaraí duit.
  • Cuir na hearraí in-athchúrsáilte isteach sna hionaid fág anseo oiriúnacha. Léigh na comharthaí eolais mura bhfuil tú cinnte.
  • Cinntigh go dtugann tú gach mála, bosca etc. abhaile leat. Ná déan dearmad gur cion é a leithéid sin d’ábhair a fhágáil ag an Ionad Fág Anseo.
  • Má tá Ionad Fág Anseo lán, tabhair d’earraí in-athchúrsáilte abhaile leat agus fill ar an Ionad Fág Anseo lá éigin eile.
  • Glaoigh ar an mBeolíne Timpeallachta ag an uimhir 1800 326 228 más mian leat a thuairisciú go bhfuil Ionaid Fág Anseo lán nó go bhfuil damáiste déanta d’Ionaid Fág Anseo.

TABHAIR FAOI DEARA GO bhFUIL IONAID FÓNTAS POIBLÍ AGUS IONAID FÁG ANSEO CHOMHAIRLE CONTAE CHIARRAÍ Á gCUR AR FÁIL DÍREACH DO SHEALBHÓIRÍ TÍ AGUS NÍ DON EARNÁIL TRÁCHTÁLA

Cliceáil ar an nasc chun féachaint ar: Fodhlíthe um Chur i Láthair Dramhaíola, 2019

Chun eolas agus naisc chuig acmhainní maidir le hathchúrsáil agus scaradh dramhaíola a fháil tabhair cuairt ar ár leathanach Feasachta Comhshaoil: Feasacht Comhshaoil

Físeán gearr ina dtugtar léargas ar na seirbhísí athchúrsála a thairgeann Comhairle Contae Chiarraí: Gníomhaíochtaí ag Ionaid Fóntas Poiblí

 

 

Déan teagmháil linn

An Rannóg Comhshaol,
Sráid Maine, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066 716 2000
Bruscar: 1800/326228
Fax: (066) 7120663
r-phost: environ@kerrycoco.ie