Monatóireacht ar Cháilíocht Uisce

Noda Snámha

  • Aimsigh na bratacha dearga agus buí agus snámh eatarthu
  • Féach ar na comharthaí sábháilteachta
  • Lorg comhairle ó Gharda Tarrthála
  • Faigh cara chun snámh in éindí leat
  • Cuir do lámh suas san aer agus béic chun cabhair a fháil má bhíonn deacracht agat

Noda Snámha

Sruthanna Cuilitheála
D’fhéadfaí daoine a sciobadh amach san fharraige go tapa i sruth cuilitheála agus beidh deacrachtaí acu. Nuair a bhíonn tú ag an trá, snámh idir na bratacha dearga agus buí – ciallaíonn sé sin go bhfuil sé sábháilte a bheith ag snámh. Má tharlaíonn sé go mbíonn tú sáinnithe i sruth cuilitheála, déan iarracht snámh comhthreomhar leis an trá ionas gur féidir leat éalú ón sruth cuilitheála. Mura féidir leat é sin a dhéanamh, cuir do lámh suas san aer agus tiocfaidh garda tarrthála i gcabhair ort.

Sruthanna Cuilitheála

(Creidiúint íomhá: Cumann Náisiúnta na nAigéan agus an Atmaisféir)

Ag Snámh san Fharraige
Má theastaíonn níos mó eolais uait maidir le snámh faoin aer, tabhair cuairt ar https://watersafety.ie/open-water-swimming/.

Bí Ullamh don Samhradh
https://watersafety.ie/wp-content/uploads/2023/05/BSR-Leaflet-Print-Version.pdf

Baoithe tarrthála
Tuairiscigh aon Bhaoi Tarrthála atá ar iarraidh nó damáistithe chuig Sábháilteacht Uisce na hÉireann tríd an bhfoirm thuairiscithe ar líne atá le fáil ag www.ringbuoys.ie.

Is cion coiriúil é Baoithe Tarrthála a ghoid nó damáiste a dhéanamh dóibh.  Má fheiceann tú duine éigin ag goid Baoi Tarrthála téigh chomh fada le Stáisiún Áitiúil an Gharda Síochána chun é a thuairisciú.

Déan teagmháil linn

An Rannóg Comhshaol,
Sráid Maine, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066 716 2000
Bruscar: 1800/326228
Fax: (066) 7120663
r-phost: environ@kerrycoco.ie