Saoir Chloiche

DEALBHÓIRÍ LEACHTA AGUS SAOIR CHLOICHE

Tá rialacháin maidir le Dealbhóirí nó Saoir Chloiche le fáil i bhFodhlíthe Reiligí do Chomhairle Contae Chiarraí 2018. Tá cóip de na Fodhlíthe ar fáil ar an suíomh seo nó is féidir í a iarraidh ó Oifig na Reiligí, an Roinn Comhshaoil, Sráid na Mainge, Trá Lí, Co. Chiarraí. 066 7183512 / 066 7183718 nó burialgrounds@kerrycoco.ie

Caithfidh aon dealbhóir leachta nó saor cloiche, ar mian leo obair a dhéanamh in aon Reilig/Láthair Adhlachtha de chuid na Comhairle i limistéar feidhme Chomhairle Chontae Chiarraí, a bheith cláraithe leis an gComhairle. Is féidir é seo a dhéanamh ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig thuas agus an páipéarachas cuí a chomhlánú.

A luaithe agus a bhíonn Dealbhóir nó Saor Cloiche cláraithe leis an Údarás Áitiúil, ba cheart dó nó di iarratas a dhéanamh chuig Oifig na Reiligí chun Teastas Ceada a fháil sula ndéanfaidh siad aon oibreacha i Reilig de chuid Chomhairle Contae Chiarraí. Is féidir foirm iarratais ar Theastas Ceada chun leac uaighe nó séadchomhartha a thógáil a íoslódáil ón suíomh seo.

Ní thógfaidh Dealbhóir Leachta aon leacht gan Teastas Ceada a bheith eisithe ag an gComhairle de réir fhorálacha na bhFodhlíthe.

Caithfear gach obair a dhéantar laistigh de Reiligí a dhéanamh de réir na Reachtaíochta reatha Sláinte agus Sábháilteachta.

Iarratas ar Theastas Ceada chun leac uaighe/leacht a thógáil

Clár 2020

Déan teagmháil linn

An Rannóg Comhshaol,
Sráid Maine, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066 716 2000
Bruscar: 1800/326228
Fax: (066) 7120663
r-phost: environ@kerrycoco.ie