Dabhcha Séarachais/ Measúnú ar Oiriúnacht Suímh

Cigireachtaí ar Dhabhcha Séarachais

Foráiltear san Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú), 2012 go dtabharfar isteach
córas náisiúnta cigreachta do chórais chóireála fuíolluisce tí. Tá mionsonraí
an phróisis cigireachta srl. leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Cigireachta reatha.

Baill foirne oilte de chuid Chomhairle Contae Chiarraí a dhéanfaidh gach cigireacht
den chineál seo. Cuirfidh Comhairle Contae Chiarraí scéala scríofa go díreach chuig
na háitribh sin atá le dul faoi chigireacht faoin bPlean Náisiúnta Cigireachta roimh
an gcigireacht. Is fiú freisin, áfach, cruthúnas aitheantais a iarraidh ar aon duine
atá ag iarraidh cigireacht a dhéanamh ag d’áitreabh.

Féadann Comhairle Contae Chiarraí freisin cigireachtaí a dhéanamh ar chórais
cóireála fuíolluisce tí ar chúiseanna eile. Mar shampla, d’fhéadfaí cigireachtaí a
dhéanamh má fhaightear gearán nó tuairisc ar chóras dífheidhmithe ón bpobal.
Seans nach bhfógrófar na cigireachtaí seo roimh ré.

Tá mionsonraí faoin bPlean Náisiúnta Cigireachta, maille le heolas ar chórais
cóireála fuíolluisce (lena n-áirítear cúnamh féideartha deontais) ar fáil ag na naisc seo a leanas:
http://www.epa.ie/water/wastewater/info/
http://www.environ.ie/en/Environment/Water/WaterQuality/DomesticWastewaterTreatmentSystems/

  • Cad a tharlaíonn le linn cigireachta ar Dhabhach Shéarachais?
  • Cad é an t-eolas atá uait faoi do Dhabhach Shéarachais?
  • An bhfuil do thobar i mbaol mar gheall ar do Dhabhach Shéarachais?

Dríodair Fuíolluisce
Bailitheoirí Cláraithe – Dríodar dramhaíola/Dramhaíl Dhabhach Shéarachais
(baineann an rannán seo faoi láthair le dríodair sna rialacháin)
Tá liosta reatha na mbailitheoirí cláraithe ar shuíomh gréasáin na hOifige
Náisiúnta Ceadúnais Bailithe Dramhaíola

Téir I dtreangbháil linn

Póna Comhairle Contae Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí T: 066 – 7183700
E: dogpound@kerrycoco.ie
Oscailte do coinní amhain idir 10.00am- 1.00pm  & 2.00pm – 5.00pm  ón Luan go Aoine